Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Stair an Aontais Eorpaigh
Bunaíodh an AE tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé casta ón tús agus rinneadh athruithe gach cúpla bliain. Is é seo nádúr an AE.
Bunaíodh an AE d’fhonn áit níos sábháilte agus níos rathúla a dhéanamh den Eoraip. Ba mhian leis na bunaitheoirí aon chogaí eile ag tosú san Eoraip a sheachaint.
An gá le cobhsaíocht
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí gá follasach le cobhsaíocht agus síocháin fhadtéarmach. Rinneadh an-damáiste do thíortha is cathracha Eorpacha. Ba mhian le bunaitheoirí an AE áirithiú nach bhféadfadh sé seo tarlú arís. Ba mhian leo áirithiú freisin nach rachadh an Ghearmáin agus an Fhrainc chun cogaidh arís.
B’eol do cheannairí na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda go raibh Conradh Versailles róthrom ar an nGearmáin agus go raibh an t-éileamh ar ardchúitimh chogaidh ina chuid de chúis an Dara Cogadh Domhanda. Bhíodar ag iarraidh an uair seo cinntiú go dtiocfadh téarnamh iomlán ar an nGearmáin agus go mbeadh sí ina cuid d’Eoraip rathúil.
An Cogadh Fuar
Tháinig an Cogadh Fuar aníos i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an ilchríoch roinnte idir na Comhghuaillithe agus an Rúis Shóivéadach. Bhí Meiriceá go háirithe an-bhuartha go leathfadh tionchar na gCumannaithe Sóivéadacha.
Rinne SAM beart chun leathadh an chumannachais san Eoraip a chosc. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí an-chuid daoine san Eoraip díomách leis an gcóras rialtais a bhí acu roimh an gcogadh, bhí mórán daoine ag tnúth le rud éigin nua.
Bhí suíocháin á mbaint ag na páirtithe cumannacha san Iodáil agus sa Fhrainc. Bhí Beirlín ina cathair roinnte a bhí gearrtha amach ón gcuid eile den Ghearmáin agus ag brath ar chumhachtaí an iarthair ar mhaithe lena marthanas.
Chinn an rialtas Meiriceánach gurbh é an bealach is fearr chun suíocháin a chaomhnú agus cosc a chur ar an iomarca tír ag dul do chumannachas ná cabhrú leis an Eoraip téarnamh ón gcogadh a luaithe ab fhéidir. Dá bhrí sin, chuir sé tús le cabhair a thabhairt do thíortha Eorpacha chun cabhrú leo atógáil. Tugadh Plean Marshall air seo.
Plean Marshall
Bhí drochriocht ar an Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Scriosadh cathracha agus bhí easnaimh bhia ann fiú. Chinn na Meiriceánaigh cabhrú leis an Eoraip atógáil. Tugadh Plean Marshall air seo.
Cuireadh Ginearál Marshall chun na hEorpa chun cabhrú léi atógáil tar éis scriosadh an Dara Cogadh Domhanda. Chuir sé tús le tabhartais mhóra a thabhairt do Ranna Eorpacha éagsúla. Shocraigh sé coinníoll amháin, áfach – dá mba mhaith leo aon chabhair airgeadais ó SAM, bheadh orthu comhoibriú agus obair le chéile. Ba é seo ceann de na himthosca as ar tháinig bunú an AE.
Bunaitheoirí an AE
Bhí baint ag roinnt daoine le bunú an AE. Is iad Jean Monnet agus Robert Schuman na daoine is cáiliúla acu.
Taispeántar sa phictiúr Jean Monnet ar chlé agus Robert Schuman ar dheis. Ba státseirbhíseach Francach Jean Monnet a bhí an smaoineamh aige na tionscail ghuail agus chruach a chomhcheangal.
Ba pholaiteoir Francach Robert Schuman. Chuir sé na smaointe seo i láthair ar an 9 Bealtaine 1950 faoin teideal Dearbhú Schuman, rud ar tugadh plean Schuman air ina dhiaidh sin.
Féach anseo le haghaidh théacs iomlán Dhearbhú Schuman
See here for the full text of the Schuman Declaration
An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach
Ba é an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach an chéad chéim d’fhorbairt an AE. Meastar gurb é seo an chéad cheann de chonarthaí bunaitheacha an AE.
Ba é an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach an chéad chéim d’fhorbairt an AE. Meastar gurb é seo an chéad cheann de chonarthaí bunaitheacha an AE.
Ba éard a bhí sa Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach conradh idir rialtais chun rialú thionscail na táirgeachta guail agus cruach a chomhcheangal agus a chomhroinnt.
Measadh go raibh na tionscail chogaidh iontu – dá gcomhroinnfí iad, ní fhéadfadh aon rialtas ullmhú le haghaidh cogaidh gan a fhios do na rialtais eile.
Ba iad seo dhá cheann de na tionscail ba mhó tábhacht agus, trí rialú na dtionscal seo a chomhcheangal agus a chomhroinnt, bhí na rialtais ag comhroinnt na mbuntáistí in ionad dul san iomaíocht le chéile. Bhíodar ag dul san iomaíocht leis an gcuid eile den domhan, ach bhí sé seo á dhéanamh acu le chéile.
An Chéad Chonradh den AE
Tosaíodh an AE ar a bhfuil eolas againn inniu nuair a síníodh dhá chonradh in 1957. Tugtar Conarthaí na Róimhe orthu siúd. Síníodh a lán conarthaí eile sna blianta ina dhiaidh sin.
Tá an AE tógtha ar shraith conarthaí. Is ionann seo agus comhaontuithe idir tíortha le comhoibriú a dhéanamh. Ina theannta sin, gairtear ar na conarthaí ainm na háite ina sínítear iad.
An chéad cheann de na conarthaí seo ba ea an Conradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. Síníodh Conarthaí na Róimhe ina dhiaidh sin sa bhliain 1957. Síníodh an Ionstraim Eorpach Aonair in 1986. Comhaontaíodh Conradh Maastricht an Chonartha den Aontas Eorpach in 1992, Conradh Amstardam in 1997, Conradh Nice in 2001 agus Conradh Liospóin in 2007.
Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí maidir leis na conarthaí. [link]
the treaties.