Spraoi ’23

SPRAOI’23: Seolann Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann SPRAOI’23 i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, tionscnamh chun SPRAOI a chur leis an nGaeilge arís

 

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta tionscnamh nua – Spraoi’23 – atá dírithe ar ghrá don Ghaeilge a chothú, trí scoláirí a mhealladh le páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i gcomórtais trí mheán na Gaeilge, inniu (23.01.23).

 

Beidh Spraoi’23 oscailte do gach dalta in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre, ní amháin dóibh siúd atá faoi phátrúnacht BOO.

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí ETBI: “Aithnímid ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann tábhacht na Gaeilge agus an caidreamh atá ag ár gcuid scoláirí léi. Tríd an gcur chuige cuimsitheach seo chun deis a thabhairt do gach foghlaimeoir a bheith rannpháirteach, ní hamháin san earnáil BOO, ach trasna na hearnálacha go léir, mothaímid gur céim dhearfach chun cinn a bheidh ann maidir le grá don Ghaeilge a chur chun cinn. Comhlánóidh SPRAOI’23 an sár-theagasc a bhíonn ar siúl inár scoileanna BOO agus go deimhin i ngach scoil. Beidh scoláirí ar bís leis an raon leathan de chomórtais chruthaitheacha spraíúla a chuirtear ar fáil dóibh agus ba cheart go mbainfidís an-tairbhe astu.”

 

Tá an clár oscailte do scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus lán-Bhéarla, agus bronnfar duaiseanna ar gach imeacht d’iontrálacha ó scoileann lán-Ghaeilge agus lán-Bhéarla.

 

Tá clár deartha ag Gean Gilger, Oifigeach um Bheartas agus Fhorbairt Oideachais ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) agus comhordaitheoir an chláir ETBI Spraoi’23 a bhfuil sé mar aidhm aige cruthaitheacht agus rannpháirtíocht na scoláirí a spreagadh.  “Theastaigh uainn go n-áireofaí comórtais spraoiúil do chách, a bhféadfadh rannpháirtíocht aonair nó grúpa a bheith ann agus aird ar leibhéal agus cumas gach foghlaimeora. Cé go bhfuil deiseanna raip, cruthú seanfhocail nua-aimseartha agus ceiliúradh na n-ealaíon traidisiúnta trí chomórtas Agallamh Beirte agus Lúibíní, táimid ar bís go háirithe le Cumarsáid le Cairde a chuirfidh na scoileanna lán-Ghaeilge i dteagmháil le scoil eile agus deis a thabhairt dóibh gabháil do roinnt imeachtaí. gníomhaíochtaí faoi mhaoirseacht a gcuid múinteoirí”.

 

Tá Spraoi’23 maoinithe go fial ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Príomhfheidhmeannach Jacqueline Ní Fhearghusa: “Fáiltíonn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go mór roimh chlár imeachtaí Spraoi ’23. Tá ríméad ar COGG maoiniú a chur ar fáil do Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann maidir le raon leathan imeachtaí spraíúla agus comórtais ilghnéitheacha a reáchtáil. Beidh deiseanna iontacha ag scoláirí idirghníomhú go spraíúil trí Ghaeilge agus a gcuid scileanna cruthaitheacha, nuálacha agus digiteacha a léiriú i bhfoirmeacha éagsúla: blaganna, físeáin, ceol, ealaín, grianghraif, agus lúibíní. Guímid gach rath ar Spraoi ’23 agus ar shaothar na scoláirí”.

 

Chun tacú le scoláirí agus iad a spreagadh chun dul i ngleic leis na himeachtaí éagsúla, tá iarscoláire BOO Thiobráid Árann, Aindriú de Paor, craoltóir agus láithreoir le RTÉ 2FM bródúil glacadh le ról mar Ambasadóir Spraoi’23. Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tUasal de Paor: “D’fhreastail mé ar Ghaelcholáiste Chéitinn i gCluain Meala, scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann agus tá an t-ádh dearg orm ó shin gur oscail m’aistear foghlama leis an nGaeilge an oiread sin doirse dom le linn mo shaoil. Is mór an onóir dom a bheith i m’Ambasadóir don tionscnamh iontach seo agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil leis na scoláirí sna míonna amach romhainn”.

 

Seolann Spraoi’23 inniu agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh mhí Aibreáin le searmanas bronnta duaiseanna i mí Bealtaine. Is féidir gach eolas a fháil ag https://events.etbi.ie/SPRAOI23