
Ba mhór ag COGG cuireadh a thabhairt duit freastal ar sheoladh leabhar i MOLI (Músaem Litríochta na hÉireann), Baile Átha Cliath ar an Déardaoine an 16 Feabhra ag 6.30 i.n.
Seolfaidh an Dr Colm Henry, an Príomhoifigeach Cliniciúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) an leabhar An Gadaí Bradach le Brendán Ó Dufaigh agus seolfaidh Pádraig Ó Beaglaoich, Leas-Phríomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) dhá leabhar de chuid Ré Uí Laighléis – Máchail agus Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad Marz.
Is ceiliúradh í an ócáid seo ar fhoilseacháin Bhrendáin Uí Dhufaigh agus Ré Uí Laighléis le linn na paindéime, mar nach raibh seans ann a leithéid d’ócáidí a eagrú le tamall anuas.
Bígí linn!
RSVP: [email protected]