Seandálaíocht sa Seomra Ranga don Idirbhliain

Seandálaíocht sa Seomra Ranga don Idirbhliain

Tá os cionn 10,000 dalta ag fáil a n-oideachais trí Ghaeilge in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh daltaí na hidirbhliana in ann leas a bhaint as an áis foghlama seo atá curtha ar fáil le maoiniú ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil.

Bheadh an áis seo oiriúnach chomh maith do dhaltaí staire an Teastais Shóisearaigh chomh maith le daltaí stair na hEalaíne don Ardteist. Mar sin is gá go mbeadh an bunábhar ar fáil trí Ghaeilge, ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoin obair i ngnáththeanga teagaisc na scoile.
Tá sé mar aidhm ag an áis teagaisc seo meas ar an stair agus seandálaíocht atá ar fáil sa chomhshaoil áitiúil a chothú i measc páistí, agus feasacht ar an dúchas cultúrtha atá thart timpeall orthu a fhorbairt.

Is cuid lárnach de chultúr agus dhúchas na tíre í an Ghaeilge, agus tá gaol an láidir idir chaomhnú dhúchas seandálaíochta na hÉireann agus caomhnú na teanga. Mar sin tá sé an-oiriúnach go mbeadh deis ag gach páiste an Ghaeilge a nascadh leis an obair seo, agus cuid de na gníomhaíochtaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Is cúrsa an-chuimsitheach é an cúrsa Idirbhliana seo. Ní thugtar treoir maidir leis na huaireanta ranga a bheadh i gceist leis mar ábhar Idirbhliana. Tá 25 ‘ceacht’ ann, 12 acu bunaithe ar ábhar íomhanna (agus rabhadh leis na cinn seo go mbeadh níos mó ná tréimhse ranga amháin de dhíth chun iad a mhúineadh), ábhair ar CD, moltaí le haghaidh 10 dtionscnamh, 75 bileog oibre (bileoga eolais / fíricí / oibre), 13 cur i láthair Powerpoint agus 17 pacáiste eolais bhreise.

Tá ceithre leabhar agus CD amháin sa phacáiste iomlán:

  • Lámhleabhar an Mhúinteora – moltaí do na tionscnaimh, bileoga taifid, rangú, gluais, sláinte & sabháilteacht, treoir (eolas bunúsach) ar shéadchomharthaí agus ar dhéantúsáin
  • Téama 1 – Adhradh agus Comóradh – adhradh, manachas, oilithreacht, comóradh.
  • Téama 2 – Nósanna Maireachtála agus Saol na nDaoine – tithe, cosaint, bailte, stíl mhaireachtála.
  • Téama 3 – Gnó na Seandálaíochta – foinsí, tochailt, gairm.
  • CD le hábhair fhuaime, cur i láthair Powerpoint, teastas Idirbhliana, pacáistí eolais bhreise.

 

Íoslódálacha

Téama 1 – Adhradh agus Comóradh
Téama 1 – Adhradh agus Comóradh (PDF)
Téama 2 - Nósanna Maireachtála agus Saol na NDaoine
Téama 2 – Nósanna Maireachtála agus Saol na nDaoine (PDF)
Téama 3 – Gnó na Seandálaíocht
Téama 3 – Gnó na Seandálaíochta (PDF)
Lámhleabhar an Mhúinteora
Lámhleabhar an Mhúinteora (PDF)