Seachtain na Gaeilge le MS DreamSpace

Tá MS DreamSpace ag reáchtáil dhá sheisiún le haghaidh bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus dhá sheisiún le haghaidh iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge timpeall na tíre chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2021.

Ní gá duit clárú. Is féidir leat páirt a ghlacadh trí chliceáil ar na naisc thíos ar an dáta agus ar am cuí.

Tá fáilte romhat an nasc chuig an ócáid a roinnt le páistí agus daltaí atá sa bhaile más mian leat nó is féidir do scáileán a roinnt leo i do rang fíorúil féin.

11 Márta 2021 – Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

9:30 – 10:30 r.n.: Todhchaí na Teicneolaíochta agus Microsoft (Peann agus páipéar de dhíth).

Fearas de dhíth: Beidh scáileán de dhíth chun féachaint ar an ócáid bheo. Beidh peann agus páipéar de dhíth ar gach dalta

Cláraigh leis an ócáid bheo anseo.

1:00 – 2:00 i.n.: Dearadh Cluichí le Make Code Arcade (Peann agus páipéar de dhíth. Uirlis roghnach). Cliceáil anseo le haghaidh Make Code Arcade.

Fearas de dhíth: Beidh scáileán de dhíth chun féachaint ar an ócáid bheo. Beidh peann agus páipéar de dhíth ar gach dalta. Roghnach: Gléas teicneolaíochta do gach páiste nó idir beirt.

Cláraigh leis an ócáid bheo anseo.

12 Márta 2021 – Bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

9:30 – 10:30 r.n.: Gníomhaíochtaí Díphlugáilte (peann agus páipéar), Cuspóirí Domhanda agus Smaointeoireacht Dearaidh (Peann agus páipéar de dhíth).

Fearas de dhíth: Beidh scáileán de dhíth chun féachaint ar an ócáid bheo. Beidh peann luaidhe agus páipéar de dhíth ar gach dalta

Cláraigh leis an ócáid bheo anseo.

1:00 – 2:00 i.n.: Ríomhchlárú leis an micro:bit (Peann agus páipéar de dhíth. Uirlis roghnach). Cliceáil anseo le haghaidh micro:bit.

Fearas de dhíth: Beidh scáileán de dhíth chun féachaint ar an ócáid bheo. Beidh peann luaidhe agus páipéar de dhíth ar gach dalta. Roghnach: Gléas teicneolaíochta do gach páiste nó idir beirt.

Cláraigh leis an ócáid bheo anseo.