Sparánachtaí Taighde COGG 2025
Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó ó institiúidí le tabhairt faoin taighde seo:
- Léirmheas ar an litríocht idirnáisiúnta ar úsáid teangacha mionlaigh i suíomhanna oideachais mórtheangacha i ndlínsí inchomparáide
- Béim ar úsáid na teanga i suíomhanna neamhfhoirmeálta
- Tacaíochtaí éagsúla
- Dea-chleachtais a bhfuil rath orthu ó thaobh foghlaim teanga de
- taighde bliana – uasbhuiséad €20,000
- Múineadh na Gaeilge ag an iar-bhunleibhéal i scoileanna meán-Bhéarla (T2), lena n‑áirítear cur chuige scoile uile agus nascanna leis an bpobal
-
- Dea-chleachtais
- Modheolaíochtaí éifeachtacha
- Cur chuige rangbhunaithe a chuireann an chumarsáid agus úsáid na teanga chun tosaigh
- Cothú meon dearfach agus an ceangal idir deiseanna úsáide teanga lasmuigh den seomra ranga agus an cleachtas sa rang
- taighde dhá bhliain – uasbhuiséad €40,000
agus roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó ó institiúidí le tabhairt faoi thaighde (mar PhD) i gceachtar den dá réimse seo (ní bheidh ach dhá sparánacht i gceist):
- Riachtanais daltaí/scoláirí ardchumais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
- Riachtanais bhreise oideachais agus soláthar oideachais an mhíchumais i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Ag brath ar acmhainní COGG, seans go mbeidh páirtmhaoiniú seachas lánmhaoiniú i gceist leis na sparánachtaí PhD.
Tabhair faoi deara: mura bhfuil iarratas ag teacht le haon cheann de na réimsí luaite thuas ní chuirfidh an painéal neamhspleách san áireamh ar chor ar bith é.
Seol iarratais chuig sparanacht@cogg.ie (i ndoiciméid WORD)
Foirm iarratais ar fáil anseo.
Spriocdháta d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Máirt, an 10 Meitheamh 2025.