
Scéim mhaoinithe áiseanna teagaisc agus foghlama 2021
Fáilteofar roimh iarratais do mhaoiniú d’fhorbairt áiseanna teagaisc agus foghlama don oideachas trí Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge sna réimsí seo thíos:
• Acmhainní ar líne le tacú le teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge nó le teagasc agus foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
• Ábhar físe le tacú le teagasc an Churaclaim Bhunscoile agus sonraíochtaí na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteiste
• Áiseanna foghlama agus teagaisc don Oideachas Riachtanais Speisialta trí Ghaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
• Ábhar léitheoireachta ficsin agus neamhfhicsin nuachumtha do gach aoisghrúpa ach meánranganna agus ardranganna na bunscoile, ach go háirithe
• Áiseanna réamhléitheoireachta d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge
• Glacfar le hiarratais d’áiseanna nach bhfuil luaite thuas
Glacfar le hiarratais ag maoiniu@cogg.ie (i ndoiciméid WORD)
Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain an 22 Márta 2021.
IS FÉIDIR FOIRM IARRATAIS A ÍOSLÓDÁIL ANSEO.
Sparánachtaí taighde 2021
Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó ó institiúidí le tabhairt faoi thaighde (mar thionscadal taighde fadtréimhseach nó gearrthréimhseach).
Tosaíochtaí maidir le hábhar taighde:
• Feidhmiú córas tumoideachais i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht
• Oideachas Riachtanais Speisialta sa chóras oideachais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge
• Scoileanna le stádas faoi mhíbhuntáiste sa chóras oideachais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge
• Soláthar oideachais do pháistí na n-inimirceach sa chóras oideachais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge
• Measúnú i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
• Dea-chleachtais maidir le húsáid na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga i scoileanna T2
• Dea-chleachtais maidir le teagasc na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla
• Glacfar le hiarratais ar ábhair eile atá ábhartha d’obair COGG
Seol iarratais chuig sparanacht@cogg.ie (i ndoiciméid WORD)
Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain an 15 Márta 2021.
IS FÉIDIR FOIRM IARRATAIS A ÍOSLÓDÁIL ANSEO.