
Taithí saoil faoi leith is ea mion-Ghaeltacht UCD, a bunaíodh sa bhliain 2000. Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann siad faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. Tairiscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar aghaidh le tograí nua. Níos mó eolais anseo.