
Leabhar nua chun cabhrú le fonn léitheoireachta a chothú sa seomra ranga bunscoile scríofa ag Claire M. Dunne.
Cliceáil anseo chun an leabhar a fháil.
Beidh seimeanár gréasáin dátheangach á thabhairt don LAI ar 23 Márta maidir leis an léitheoireacht agus Scéalta den Scoth.
Is féidir leat clárú anseo:
Cur síos:
Tá traidisiún láidir scéalaíochta agus seanchais in Éirinn agus ní haon ionadh mar sin go bhfuil go leor scéalta breátha Gaeilge ar fáil dár léitheoirí óga. Tugann na scéalta seo deis iontach do pháistí léamh lena múinteoirí, lena gcairde, lena dtuismitheoirí, nó go
neamhspleách fiú. Tá moltaí sa leabhar seo maidir le spéis a spreagadh sa léitheoireacht mar chaitheamh aimsire, treoir maidir le teacht ar leabhair chomhaimseartha spreagúla, agus moltaí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh tar éis scéal breá a léamh.
I gCuid 1 den leabhrán seo, tá moltaí ginearálta maidir le Fonn Léitheoireachta a Chothú. Tá roinnt den ábhar seo ar fáil freisin sa
leabhar Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla Gaeilge agus Drámaíochta.
I gCuid 2, tugtar moltaí maidir le Nathanna Cabhracha don Léitheoireacht chun páistí a spreagadh agus iad i mbun
léitheoireachta.
I gCuid 3, tá smaointe maidir le Leabhair Oiriúnacha a roghnú. Tugtar roghanna éagsúla maidir le leabhair chomhaimseartha a
bhaineann le téamaí áirithe.
I gCuid 4, tá moltaí maidir le Leabhair Spreagúla do Pháistí Bunscoile i ranganna éagsúla. Tá éagsúlacht i roinnt de na gníomhaíochtaí le freastal ar mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta, agus i scoileanna lán-Bhéarla. Moltar aoisghrúpa le haghaidh gach leabhair ach ag brath ar an gcineál scoile atá ann, agus ar bhuanna an pháiste, d’fhéadfaí roinnt acu a léamh ag aois níos óige nó níos sine.
I gCuid 5, tá moltaí maidir le Pictiúrleabhair do na Ranganna Sóisearacha agus Sinsearacha. Is féidir pictiúrleabhair, leabhair le léaráidí, agus pictiúrleabhair gan fhocail a úsáid le páistí i ngach rang sa bhunscoil. Tá smaointe sa chuid seo chun pictiúrleabhair
gan fhocail a úsáid maidir le teanga ó bhéal a chothú sna ranganna sóisearacha, agus chun leas a bhaint as pictiúrleabhar leis na ranganna sinsearacha le cúrsaí maisithe a phlé, mar aon le bunstruchtúr scéil a iniúchadh.
I gCuid 6 dírítear ar an Léitheoir Drogallach agus an Leabhar ‘Ceart’. Féachtar ar bhealaí chun leabhair spreagúla a roghnú, ar na tacaíochtaí is féidir a chur leis an leabhar, agus freisin ar bhealaí le páistí a chuireann an-spéis sa léitheoireacht a spreagadh chun
tuilleadh a léamh.
I gCuid 7, tá moltaí maidir le leabhair (go háirithe seanleabhair timpeall na scoile!) a úsáid mar Théacsanna Meantóireachta. Ciallaíonn sé sin gur féidir úsaid a bhaint astu chun díriú ar ghné amháin den taithí léitheoireachta, cur síos éifeachtach ar charachtar, cuir i gcás, nó fuaimeanna agus atmaisféar a chruthú sa scéal.