Róise agus Frank – sna pictiúrlann ón 16 Meán Fómhair

RÓISE & FRANK

I bPICTIÚRLANNA AR FUD NA TÍRE ÓN AOINE AN 16 MEÁN FÓMHAIR

Tá an-áthas ar Break Out Pictures eisiúint fadscannáin Gaeilge, Róise & Frank (deimhniú 12A), a fhógairt.

Bhí an-tóir ar Róise & Frank ag na féilte le roinnt míonna anuas. Taispeánadh é ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus tá go leor gradam buaite aige in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Tá an scannán suite in Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge, áit a ndearnadh é a scannánú freisin, agus baineann sé le Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach mná atá ag streacailt go mór ó bhásaigh a fear céile, Frank. Nuair a thagann madra fáin ar an láthair gan choinne, a leanann gach cor a dhéanann sí, tagann beocht i Róise arís agus í den tuairim gurb é a fear céile féin atá ar ais i bhfoirm an mhadra seo agus cuireann sí muinín i gcumhacht shíoraí na beatha chun leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim dhóchasach eile.

Is scéal deas croíúil é Róise & Frank a mhúsclóidh spéis daoine de gach aois agus a mbainfidh siad ar fad taitneamh as. Is iontach an scannán é seo do dhaltaí Bunscoile agus Meánscoile araon, mar gheall ar úsáid na Gaeilge, mar gheall ar úsáid chluiche ársa náisiúnta na tíre, an iomáint, agus mar gheall ar an madra geanúil atá ann a spreagann dóchas an phobail ar fad.

Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh agus a stiúir Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail Mhacalla Teoranta (Arracht) a léirigh. Fís Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann a mhaoinigh an scannán seo mar chuid de scéim Cine4.

 Eiseofar Róise & Frank ar an Aoine, an 16 Meán Fómhair agus tá ríméad orainn taispeáintí a chur ar siúl i bpictiúrlann i do cheantar. Más spéis leat féin nó le duine ar bith de do chomhghleacaithe áirithint a dhéanamh le haghaidh 40+ dalta, is féidir linn é sin a shocrú duit le foireann do phictiúrlainne áitiúla. D’fhéadfadh sé a bheith indéanta réamhthaispeáint a chur in áirithe roimh eisiúint oifigiúil an scannáin, ag brath ar do cheantar.

D’fhonn léargas a thabhairt ar ghlacadh an lucht féachana le Róise & Frank, tá roinnt léirmheasanna ó nuachtáin curtha isteach againn, ina léirítear na freagairtí dearfacha a mhúscail an scannán.

Irish Independent ★★★★                 Sunday Business Post ★★★★

                         Scannán álainn ar fad” The Irish Times

                    The Sunday World  ★★★★      RTÉ Guide ★★★★