Rí na Sióg

Rí na Sióg - Dán
Aistriúchán ar an dan uafáis 'Der Erlkönig' le Johann Wolfgang von Goethe (1749-1832).
Rí na Sióg – Dán.

Aistriúchán ar an dan uafáis ‘Der Erlkönig’ le Johann Wolfgang von Goethe (1749-1832). Dá mba mhian leis an múinteoir é a leabú isteach níos mó i léann na Gaeilge, d’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir an dán agus an gearrscéal ‘Eoghainín na nÉan’ ag Pádraig Mac Piarais mar déantar léamh an tinnis ar chás an pháiste sa dá rud go minic.

D’fhéadfaí ceangal a dhéanamh leis an mBéarla freisin trí chomparáid a dhéanamh idir an dán seo (agus an leagan Béarla de) agus ‘Stolen Child’ ag Yeats ó thréimhse na hathbheochana.

D’fhéadfaí staidéar comparáideach a dhéanamh idir an leagan Gaeilge agus an leagan Gearmáinise do na daltaí siúd a bheadh ag plé leis an dá theanga. D’fhéadfaí staidéar a dhéanamh ar theicnící an aistritheora agus ar na mothúcháin a chothaítear sa dá leagan.

Bealach a bheadh ann an Ghaeilge, an Béarla, an Ghearmáinis, an ceol, an fhilíocht, an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an t-aistriúchán a phlé in éineacht.

Seans freisin go spreagfadh sé tionscadail chruthaitheacha i measc na ndaltaí freisin.

Ar fáil anseo.