Peig.ie – Amhránaithe á lorg

Tá amhránaithe agus ceoltóirí á lorg chun amhrán Nollag as Gaeilge a thaifeadadh ar mhaithe le hairgead a thiomsú ar son eagraíocht charthanachta.

Tá Cumann na bhFiann ag tabhairt faoi fhíseán d’amhrán Nollag a thaifeadadh i mbliana ar son na carthanachta ALONE, a chuidíonn le daoine aosta atá ina gcónaí leo féin.

Ó tharla nach bhfuil daoine in ann bualadh le chéile chun an físeán seo a thaifeadadh, táthar ag iarraidh ar dhaoine iad féin a thaifeadadh ag canadh nó ag seinm an amhráin ‘Dóchas’, leagan Gaeilge d’amhrán cáiliúil John Lennon ‘Happy Xmas (War Is Over)’.

Beidh an físeán mór á sheoladh go poiblí i dtús mhí na Nollag.

Tá an togra dírithe ar dhaoine óga idir 10-18 bliain d’aois ach deir Cumann na bhFiann nach bhfuil sé teoranta don aoisghrúpa seo amháin.

Is féidir le daoine iad féin a thaifeadadh ar fhón póca ach moltar do dhaoine úsáid a bhaint as cluasáin agus micreafón más féidir.

Is féidir na sonraí ar fad a fheiceáil ar cnb.ie.