Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Parlaimint na hEorpa
Tá Parlaimint na hEorpa ar cheann de na hinstitiúidí is mó tábhacht den AE agus tá an-tionchar aici. Tugtar FPEnna (MEPanna) ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa. In institiúidí an AE go léir, is iad na FPEnna na daoine amháin a thoghtar go díreach lena suíocháin a ghlacadh – déanann siad ionadaíocht do shaoránaigh an AE.
Tá a uachtarán féin ag Parlaimint na hEorpa. Is é jab na parlaiminte dlíthe nua a dhéanamh. Tá dhá fhoirgneamh ann ina dtagann baill na Parlaiminte le chéile, ceann amháin sa Bhruiséil agus ceann eile in Strasbourg.
Leathchiorcal Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg
Leathanach baile Láithreán Gréasáin Pharlaimint na hEorpa anseo
Institiúid Dhaonlathach
Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid amháin den AE ar a dtoghann saoránaigh an AE a cuid ball go díreach. Is anseo atá rochtain dhíreach ag Saoránaigh an AE ar an AE trína n-ionadaithe, is iad seo na FPEnna (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa).
Reáchtáladh na chéad toghcháin dhíreacha ar Pharlaimint na hEorpa in 1979. Ag an am sin, ba mhinic a dúradh nach raibh i bParlaimint na hEorpa ‘ach ionad gaotaireachta’ ach tá i bhfad níos mó cumhachta agus tionchair aici anois.
Féach anseo chun Parlaimint na hEorpa a fheiceáil agus í ag gníomhú – craoladh beo de na díospóireachtaí. Ní i gcónaí a bhíonn siad ar siúl agus, mar sin de, seiceáil an t-am chun feiceáil cén uair a bheidh an chéad cheann ar siúl.
Ós rud é go dtoghtar na FPEnna go díreach ar Pharlaimint na hEorpa, deirimid go bhfuil ‘Dlisteanacht Dhaonlathach’ aici.
FPEnna agus na Grúpaí Páirtithe
Baill de Pharlaimint na hEorpa
Déanann a FPEnna ionadaíocht ag leibhéal an AE do shaoránaigh na hEorpa. Déantar iad a thoghadh gach 5 bliana.
Suíonn FPEnna le chéile i nGrúpaí Páirtithe. Is trí chomhthuairimí polaitíochta agus ní trí náisiúntacht a eagraítear iad. Tugann ballraíocht de Ghrúpa Páirtithe pribhléidí don FPE.
De réir mar a fhairsingíonn an AE, tagann FPEnna nua isteach i bParlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, athraíonn an líon iomlán i gcónaí. Ó thoghchán Pharlaimint na hEorpa 2013 ar aghaidh, áfach, b’ionann an t-uaslíon FPEnna agus 751 FPE agus b’ionann líon na FPEnna de réir tíre agus idir 6 FPE agus 96 FPE.
(Tá 736 FPE ann faoi láthair agus is idir 5 FPE agus 99 FPE líon na FPEnna de réir tíre).
Agus is féidir le saoránaigh an AE teagmháil dhíreach a dhéanamh le FPEnna.
Féach anseo le haghaidh léaráide den Ghnáthnós Imeachta Reachtach
Tá a hUachtarán féin ag Parlaimint na hEorpa
Tá a hUachtarán féin ag Parlaimint na hEorpa
Déantar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a thoghadh go ceann téarma dhá bhliain go leith, is é seo leathchuid de théarma Pharlaimint na hEorpa mar go mbíonn toghchán ina leith gach cúig bliana.
Is ról searmanasach é, ach déanann sé nó sí ionadaíocht do Pharlaimint na hEorpa go poiblí freisin.
See here for more about the role of the President of the European Parliament
An dóigh a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa
Déanann Parlaimint na hEorpa díospóireacht ar dhlíthe nua nó coistí a bhunú chun féachaint orthu. Féadann sí faisnéis a iarraidh ón gCoimisiún agus ón gComhairle. Agus níos tábhachtaí fós, tá na cearta céanna ag Parlaimint na hEorpa is atá ag an gComhairle chun dlí nua a fhaomhadh – tugtar ‘An Gnáthnós Imeachta Reachtach’ nó ‘GIR’ ar an bpróiseas seo.
Chun an próiseas seo a dhéanamh níos éifeachtúla, bíonn cruinniú neamhfhoirmiúil ann roimh ré a bhfuil baint ag ionadaí amháin ar gach ceann de na trí institiúid phríomha leis – tugtar an Tríológ air seo.
Na Seisiúin Iomlánacha
Is é seo an rud a smaoiníonn gach duine air nuair a smaoiníonn siad ar pharlaimint ag feidhmiú. Na baill go léir in áit amháin – an Leathchiorcal sa chás seo – ag déanamh díospóireachta ar ábhar. Roinntear an chuid seo d’obair Pharlaimint na hEorpa idir an Bhruiséil agus Strasbourg – tá foirgneamh ina bhfuil Leathchiorcal sa dá áit.
An Gnáthnós Imeachta Reachtach
Is é an Gnáthnós Imeachta Reachtach an t-ainm a thugtar don dóigh a bhfaomhann, nó nach bhfaomhann, Parlaimint na hEorpa dlíthe nua an AE.
Cumhachtaí eile
Ní mór do Pharlaimint na hEorpa an roghnúchán Coimisinéirí a fhaomhadh. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa Buiséad an AE a fhaomhadh freisin. De bhreis air sin, tá ról ginearálta maoirseachta aici.
Coistí
Déantar an chuid is mó d’obair Pharlaimint na hEorpa sna Coistí. Féachann FPEnna le dul ar an gcoiste a bhaineann níos dlúithe lena leasanna féin.
Nuair a bhíonn Coiste curtha i gcrích, cuireann sé a smaoineamh deiridh i láthair mar cháipéis a dtugtar Dearcadh air. Is dócha gur thosaigh sé seo mar Dhearcadh a scríobh FPE aonair. Le fírinne, más é seo do FPE féin, tá seans ann go raibh sé nó sí ag baint úsáid as an bhfaisnéis a chuir tú chuige nó chuici chun an bhuncháipéis seo a scríobh.
Taispeántar an Dearcadh don chuid eile de Pharlaimint na hEorpa – tugtar ‘an Dearcadh a Tharchur chuig na Suíonna Iomlánacha’ air seo – is é sin, é a chur chuig na FPEnna go léir a dhéanann plé air le chéile sa Leathchiorcal.
Féadann Parlaimint na hEorpa ‘Coiste Fiosrúcháin’ a chur ar bun freisin chun saincheist shonrach a imscrúdú. Féadann siad an-tionchar a bheith acu.
Cá bhfuil sí?
Bogann Parlaimint na hEorpa idir an Bhruiséil agus Strasbourg.
Reáchtálann an Pharlaimint a cruinnithe iomlánacha, ar a dtugtar Seisiúin freisin, i Strasbourg agus sa Bhruiséil araon. Tugtar an Leathchiorcal ar an seomra ina reáchtálann siad na seisiúin seo. Tá oifig riaracháin de chuid Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg freisin.
Tugtar Seachtainí Dearga ar na seachtainí sin ina bhfuil Parlaimint na hEorpa ina suí mar go sonraítear i ndearg iad ar Fhéilire bhliantúil Pharlaimint na hEorpa – féach anseo le haghaidh an Fhéilire 2012. (Féach anseo le haghaidh an liosta iomláin).
Strasbourg
Parlaimint na hEorpa, Strasbourg
Seoladh:
Allée du Printemps
BP 1024/F
67070 Strasbourg Cedex
AN FHRAINC
Léarscáil – féach anseo
An Bhruiséil
Parlaimint na hEorpa, an Bhruiséil
Rue Wiertz/Weirtzstraat 60
1047 Bruxelles/an Bhruiséil BELGIQUE/AN BHEILG
Léarscáil – féach anseo
Lucsamburg
Oifigí Pharlaimint na hEorpa Lucsamburg
Plateau du Kirchberg
BP 1601
2929 Lucsamburg
LUCSAMBURG
An Gnáthnós Imeachta Reachtach
Is é an Gnáthnós Imeachta Reachtach an t-ainm a thugtar don dóigh a bhfaomhann, nó nach bhfaomhann, Parlaimint na hEorpa dlíthe nua an AE. Go bunúsach, cuireann sé iallach ar an gComhairle Eorpach aird a thabhairt ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa agus meas a bheith aige ar a barúil. Ní mór don dá institiúid idirbheartú chun comhaontú a fháil. Tá sé beagáinín casta!!
Ritear an Dlí go hÉasca…
Molann an Coimisiún Eorpach dlí nua, scrúdaíonn an Pharlaimint é agus tugann sí a tuairim – rud ar a dtugtar Dearcadh – agus, ina dhiaidh sin, cuirtear faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh é. Scrúdaíonn sí é agus tugann sí a tuairim – rud ar a dtugtar Comhsheasamh.
Ag an gcéim seo, cuirtear ar ais chuig an bParlaimint é le haghaidh faomhadh deiridh. Má chomhaontaíonn an Pharlaimint, glacfaidh sí leis an ‘gComhsheasamh’ agus seolfar an dlí chuig an gComhairle Eorpach don chéim deiridh ina nglacfar leis.
Tarlóidh sé seo má théann gach rud ar aghaidh gan tuisliú! Go teoiriciúil, ba cheart go rachadh sé ar aghaidh gan tuisliú mar gheall ar an bplé ar fad faoi, mar nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith, agus mar go bhfuil gach duine ag éirí teacht ar chomhaontú.
Mar sin féin – bíonn easaontú ann corruair, agus sa chás sin…
Molann an Coimisiún Eorpach dlí nua, scrúdaíonn an Pharlaimint é agus tugann sí a tuairim – rud ar a dtugtar Dearcadh – agus, ina dhiaidh sin, cuirtear faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh é. Scrúdaíonn sí é agus tugann sí a tuairim – rud ar a dtugtar Comhsheasamh.
Ag an gcéim seo, cuirtear ar ais chuig an bParlaimint é le haghaidh faomhadh deiridh. Níl an Pharlaimint sásta leis, áfach, agus déanann sé athruithe air. Is é sin le rá go ‘Leasaíonn sí an Comhsheasamh’.
Éilíonn sé seo tuilleadh idirbheartaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus bunaíonn siad rud ar a dtugtar ‘Coiste Idir-Réitigh’. Is ionann a thasc agus comhaontú a bhaint amach.
Má bhaineann siad amach é – nach iontach sin – déanfaidh an Coiste ‘Téacs Comhpháirteach a Chomhaontú’ agus rithfear an dlí nua (agus cuirtear ar ais chuig an gComhairle le haghaidh na céime deiridh).
Diúltaítear an Dlí…
Mura n-éiríonn leis an gCoiste Idir-Réitigh comhaontú, ní dhéanfar an dlí a fhaomhadh agus tréigfear é. Déanann gach duine iarracht air seo a sheachaint.
(Mar sin de, d’fhéadfaí an dlí a thréigean mura gcomhaontódh an Coiste Idir-Réitigh Téacs Comhpháirteach nó dá ndiúltódh Parlaimint na hEorpa Comhsheasamh bunaidh na Comhairle Eorpaí).
D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa cosc a chur ar dhlíthe tábhachtacha a rith agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar aici maidir le gach céim de dhéanamh na ndlíthe seo – ní fhéadann aon duine dul sa seans le neamhiontas a dhéanamh dá tuairim.