
Is cúis mhór áthais do COGG an Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge a sheoladh chugat.
Ba léir dúinn go raibh gá le hacmhainn den sórt seo in iar-bhunscoileanna fud fad na tíre – acmhainn a chuirfeadh idir dhaoine óga agus mhúinteoirí ar an eolas faoi na deiseanna iontacha atá ann dóibh siúd ar spéis leo gairm le Gaeilge agus trí Ghaeilge. Bhí sé mar sprioc againn eolas ar réimse éagsúil gairmeacha a chur ar fáil, agus treoir a thabhairt maidir le conas na deiseanna iontacha sin a thapú.
D’oibríomar i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, agus b’iontach an tacaíocht a fuaireamar uathu go léir le linn an togra. Táimid an-bhródúil as toradh na hoibre sin, agus táimid cinnte go mbainfidh na scoláirí agus múinteoirí (comhairleoirí treorach, comhordnóirí Idirbhliana, múinteoirí Gaeilge, príomhoidí agus pobal uile na scoile) tairbhe agus taitneamh as a bhfuil le foghlaim ón bPacáiste Eolais.
Agus sinn ag tabhairt faoi na céad chéimeanna eile san obair seo, tá plean leagtha amach againn don scoilbhliain atá romhainn:
- Tá an pacáiste seo á sheoaldh amach chuig gach scoil T1 faoi láthair agus tá leagan digiteach de ar fáil ag COGG | Sonraí Acmhainní (tairseachcogg.ie)
- Seolfaidh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an pacáiste eolais ar an 26 Meán Fómhair ag an Aonach Gairme Options West, Gaillimh.
- Reáchtálfar clár FGL (Forbairt Ghairmiúil Leanúnach) do mhúinteoirí/chomhairleoirí treorach idir Samhain – Nollaig 202
- Den chéad uair, beidh seastán ag COGG ag Higher Options san RDS (An Cheathrú Ghaeltachta) an 20-22 Meán Fómhair agus ag Options West, Gaillimh ar an 26 Meán Fómhair.
- Tá súil againn go mbeidh seastán againn ag Comhdháil Bhliantúil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i Márta 2024.
- Forbrófar leagan dátheangach den acmhainn seo a bheidh níos dírithe ar scoileanna T2 in
- Déanfar sraith físeán mar thaca leis an acmhainn in
Má tá aon cheist agat, má tá eolas breise uait, nó go deimhin má tá cóipeanna breise den acmhainn ag teastáil uait, beidh an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh liom ag: [email protected].
Le gach dea-ghuí,
Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile, COGG