Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Na Conarthaí
Tá an tAontas Eorpach tógtha ar shraith Conarthaí. Tá gach ceann díobh sínithe ag rialtais na dtíortha rannpháirteacha agus, trí na conarthaí seo a shíniú, comhaontaíonn siad comhoibriú agus a bheith ina bpáirt den AE.
Tá Conarthaí Bunaidh agus Conarthaí Aontachais ann
Déantar Conarthaí Aontachais nuair a théann tíortha nua isteach san AE. Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Méadú an AE.
Déantar na Conarthaí Bunaidh nuair ba mhaith le tíortha san AE an líon cumhachtaí agus tascanna ba mhaith leo a chomhroinnt a mhéadú.
An ceann ba luaithe de na conarthaí seo ba ea an conradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a síníodh i bPáras in 1951, agus ina dhiaidh sin, síníodh Conradh na Róimhe in 1957.
Meastar go ginearálta gurb é an chéad chonradh den AE é (taispeánta sa phictiúr).
Féach thíos le haghaidh na conarthaí is tábhachtaí den AE a fháil, ag tosú leis an gconradh is déanaí.
Conradh Liospóin
Síníodh Conradh Liospóin in 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2009.
Tá sé seo ar cheann de na conarthaí is tábhachtaí den AE.
It tidied up all the earlier treaties but it also added some new bits. In particular
Chuir sé slacht ar na conarthaí roimhe sin ach chuir sé roinnt píosaí nua leis freisin. Go háirithe;
- Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí
- ‘Ceann na nGnóthaí Eachtracha’ nua – is é an teideal ceart ná ‘an tArdionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála’
- Chuir sé Tionscnamh na Saoránach leis
- Rinne sé athruithe praiticiúla ar reáchtáil an AE
- D’fholaigh sé an Chairt um Chearta Bunúsacha
Conradh Nice
Síníodh Conradh Nice in 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2003.
Dhírigh an conradh seo ar chuid de nósanna an imeachta an AE a athchóiriú le go mbeadh sé níos fusa ligean do thuilleadh ball dul isteach. D’ullmhaigh sé an bealach le Tíortha Oirthear na hEorpa dul isteach san AE.
Ina theannta sin, leathnaigh Conradh Nice úsáid VTC (Vótáil Tromlaigh Cháilithe) i gComhairle an Aontais Eorpaigh.
Conradh Amstardam
Síníodh Conradh Amstardam in 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1999.
Is minic a thugtar ‘Conradh na nDaoine’ ar Chonradh Amstardam. Chuimsigh sé a lán réimsí nua amhail cosaint an chomhshaoil, cur chun cinn comhionannais agus coinníollacha oibre agus tuilleadh fostaíochta.
Conradh Maastricht
Síníodh Conradh Maastricht in 1992 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1993. Is é an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) an teideal iomlán.
Roinneadh freagrachtaí an AE i dtrí chatagóir – cuireadh síos orthu mar cholúin, agus thug daoine ‘na trí cholún’ orthu sa deireadh.
Is é Conradh Maastricht a thug a ainm don AE – An tAontas Eorpach
An Chéad Cholún
D’fholaigh sé seo gach rud a bhain leis an ngeilleagar, leis an gcomhshaol agus le beartais shóisialta.
Rinneadh cinntí trí úsáid a bhaint as VTC agus as an nGnáthnós Imeachta Reachtach – ach, ag an am seo, tugadh Comhchinneadh air seo. Tugtar Modh an Chomhphobail air seo.
An Dara Colún agus an Tríú Colún
Bhí siad seo difriúil leis an gCéad Cholún mar go ndearna siad cinntí gan úsáid a bhaint as Modh an Chomhphobail. D’fholaigh siad réimsí íogaire den Bheartas Slándála (CSFP) agus Eachtrach agus Cothromas (CGB) agus níor mhaith le rialtais cumhacht a chomhroinnt ina leith seo.
Ba é CSFP an Dara Colún agus ba é CGB an Tríú Colún.
An Ionstraim Eorpach Aonair
Tá an Ionstraim Eorpach Aonair ina Conradh freisin. Tháinig sí i bhfeidhm in 1987. Is é seo ceann de na conarthaí is tábhachtaí den AE.
Is faoin ngeilleagar agus faoi chur ar chumas an AE feidhmiú níos fearr atá an conradh seo. Go háirithe, chabhraigh an Ionstraim Eorpach Aonair le cur i gcrích an Mhargaidh Aonair.
Ina theannta sin, d’fholaigh an conradh seo an smaoineamh gur cheart cabhair agus cistiú a thabhairt do na tíortha is laige den AE chun cabhrú leo teacht suas leis an ngnáthchaighdeán maireachtála san AE – tugadh an ‘beartas Comhtháthaithe’ air seo.
Conarthaí na Róimhe
Síníodh Conradh na Róimhe in 1957 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1958. Is é seo an conradh a bhunaigh CEE – Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Is é seo an conradh a mheastar i gcoitinne a bheith ar an gcéad chonradh den AE.
Síníodh Conradh Euratom in 1957 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1958. Bhunaigh an conradh seo an Conradh Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach.
Ó tharla gur síníodh ag an am céanna iad, tugtar Conarthaí na Róimhe iad le chéile.
Dá mba mhaith leat téacsanna na gconarthaí bunaidh a léamh, féach anseo
Tá na conarthaí ar fáil ar líne le gur féidir duine ar bith iad a léamh. Féach thíos le haghaidh roinnt nasc úsáideach. Meabhraigh gur cáipéisí dlí iad seo agus, dá bhrí sin, tá siad iontach foirmiúil agus beacht. Caith súil orthu leis an dealramh atá ar chonradh a fheiceáil.
Foilsítear iad ar EUR-Lex atá ar láithreán Gréasáin oifigiúil an AE le haghaidh an Dlí ar fad den AE.
Le haghaidh Conradh Liospóin a fháil, féach anseo
Le haghaidh na Cairte um Chearta Bunúsacha a fháil, féach anseo
Le haghaidh Conradh ar an Aontas Eorpach, Maastricht, a fháil, féach anseo
Féach anseo le haghaidh láithreán Gréasáin EUR-Lex, féach ar thaobh na láimhe clé den leathanach agus téigh chuig BAILIÚCHÁIN chun Conarthaí a fháil – is anseo a gheobhaidh tú an liosta iomlán.
Le haghaidh an Ionstraim Eorpach Aonair a fháil, féach Anseo
(Leid: Tá an Ionstraim Eorpach Aonair faoin gCeannteideal ‘Conarthaí agus Prótacail Eile’ leathshlí síos an liosta).