Mol Mata – Suíomh nua do Ghaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta

Is comhthionscadal é Mol Mata idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice.

Leis an chuspóir seo a bhaint amach, tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad seo go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.

Tá an suíomh seo ina cheithre chuid:

1. Láimhseoga ar líne

2. Cluichí / Gníomhaíochtaí Ceannoscailte

3. Banc Gníomhaíochtaí Tairseach Íseal Buaicphointe Ard

4. Tacaíocht do mhúinteoirí

Ar fáil anseo.