
Dearadh an leabhrán seo le haghaidh shiollabas athbhreithnithe an Teastais Shóisearaigh – Tionscadal Mata.
Topaicí a chlúdaítear sa treoir seo:
An Dealú, an tIolrú agus an Roinnt Fhada
Uimhreacha Aiceanta agus Slánuimhreacha
Codáin agus Deachúlacha
Céatadáin
An tAilgéabar
Imlíne agus Achar
An Chéimseata
Comhordanáidí
Cóimheas agus Comhréir
Tacair agus Léaráidí Venn
An Dóchúlacht
Ar dtús, pléitear na céimeanna riachtanacha chun an dealú, an t-iolrú agus an roinnt fhada a dhéanamh, mar is dócha nach bhfuil na modhanna ag teacht leis na céimeanna a d’úsáid tuismitheoirí nuair a bhí siadsan ar scoil.
Tá moltaí sa treoir seo freisin maidir le conas is féidir le tuismitheoirí cabhair a thabhairt leis an
obair bhaile a dhéanamh. Tugtar achoimre sa chaibidil dheireanach ar theicnící staidéir agus
scrúdaithe do dhaltaí.
Is féidir an leabhar a íoslódáil anseo.