
Mataí teanga ar fáil anois do scoláirí Úcránacha
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
agus
Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI)
Is cúis áthais do COGG agus do PPLI a fhógairt go bhfuil mataí teanga ar fáil anois do scoláirí Úcránacha.
Cuideoidh an t-ábhar seo le teanga choitianta an tseomra ranga a chothú. Tá na mataí seo ar fáil in Úcráinis mata teanga Gaeilge-Úcráinis agus i Rúisis mata teanga Gaeilge-Rúisis. Cabhróidh siad leis na scoláirí Úcránacha agus leis na pobail scoile dul i ngleic leis na hathruithe teangeolaíocha atá rompu.
Aithníonn COGG go bhfuil luach oideachasúil sa tsraith mataí teanga d’fhoghlaimeoirí teanga. D’fhorbair an PPLI iad i dteangacha éagsúla le tamall de bhlianta anuas.
· Is féidir teacht ar leaganacha digiteacha Gaeilge de na matai i dteangacha eile ag an nasc seo.
· Lena chois sin, is féidir teacht ar noda luachmara maidir leis na mataí a úsáid sa seomra ranga anseo.
Más mian leat cruachóipeanna de na mataí a ordú, déan an fhoirm ghairid seo a chomhlánú le do thoil. (Ar fáil anseo.)
Forbróidh COGG tuilleadh acmhainní de réir a chéile agus coinneofar scoileanna ar an airdeall fúthu in am trátha. Tá COGG fíorbhuíoch den PPLI as an gcomhoibriú leanúnach idir an dá eagraíocht maidir le hacmhainní teanga a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.