
Leabhrán téarmaí do scoláirí na chéad bhliana i nGaelcholáistí, in iar-bhunscoileanna Gaeltachta nó in Aonaid lánGhaeilge.
Ar fáil anseo.
Tá an acmhainn seo dírithe ar scoláirí agus ar mhúinteoirí araon le cabhrú leo agus le tacaíocht a thabhairt dóibh leis na dúshláin seo thíós agus scoláirí agus múinteoirí ag tosú ag obair le chéile sa chéad bhliain.
Do na scoláirí:
– Sealbhú na n-eocharfhocal / na téarmaíochta nua trasna an churaclaim sna hábhair iar-bhunoideachais ar fad / léaráidí simplí chun focail dheacra a léiriú
– Cabhair maidir le cuid den téarmaíócht a bhaineann le suíomh na scoile nua a thuiscint agus a shealbhú
– Tuiscint a fháil ar úsáid téarmaí gramadaí agus tuiscint agus feasacht a fháil ar cén fáth a n-athraíonn focail sa Ghaeilge ag brath ar an gcomhthéacs
– Simpliú ar mhúineadh agus ar shealbhú na gramadaí ón gcéad bhliain ar aghaidh
– Téarmaí teicneolaíochta agus acmhainní ar líne a bheith ar fáil in aon áit amháin
– Tuiscint a fháil ar úsáid na mbriathra gnímh
Do na múinteoirí:
– Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na téarmaíochta sna hábhair go léir
– Treoir phraiticiúil don mhúinteoir ábharbhunaithe i suíomh tumoideachais
– Acmhainn soléite agus inúsáidte don mhúinteoir céad bhliana
– Simpliú ar ghramadach na Gaeilge dóibh siúd nach bhfuil aon staidéar déanta acu uirthi
– Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na gramadaí i gcomhthéacs
– Cabhair agus tacaíocht maidir le haidhmeanna na scoile i leith litearthacht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa scoil agus spléachadh ar litearthacht sna teangacha go léir
– Tacaíocht do phróiseas feabhsúcháin na scoile mar chuid den fhéinmheastóireacht scoile ar bhonn scoile uile