Labhair leis an AE


Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí 

Gheobhaidh tú anseo dóigheanna le teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí éagsúla san Aontas Eorpach. Tá an chuid is mó díobh ar líne agus ar láithreán Gréasáin Europa. Bí cinnte go n-iarrfaidh tú ar an múinteoir ar dtús sula n-imeoidh tú as láithreán Gréasáin EU4Schools!


Eoraip go Díreach – Cuir ceist ar an AE

An dóigh is fusa chun ceist faoin AE a chur is ea trí litir nó ríomhphost a sheoladh chuig an gCoimisiún agus úsáid a bhaint as láithreán Gréasáin Eoraip go Díreach. D’fhéadfaí go mbeidh moill ar an bhfreagra ach is minic a thugann sé an t-eolas atá de dhíth ort.

Caith súil ar an leathanach; tá mórán dóigheanna éagsúla chun teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún anseo.logo_europe_direct_eu
NASC ANSEO CHUN DUL CHUIG EORAIP GO DÍREACH

NASC ANSEO LE HAGHAIDH NA FOIRME AR LÍNE UM CHEIST A CHUR MAR RÍOMHPHOST


Déan teagmháil le FPE de do chuid

Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis nó léi chun ceist a chur nó moladh a dhéanamh, nó a aird/haird a tharraingt ar rud éigin atá tábhachtach i do thuairim.

Is dea-smaoineamh é pas beag eolais a fháil faoi/fúithi sula ndéanann tú cinneadh maidir leis an duine a ndéanfaidh tú teagmháil leis/léi. Tá a spéiseanna féin ag gach FPE agus tá an chuid is mó díobh ar shainchoistí nó ar ghrúpaí oibre, ag brath ar na spéiseanna sin. Má tá tú in ann do chúraimí a mheaitseáil le FPE atá ceart, tá tú leathchuid den bhealach ann cheana.

Beidh ort ainmneacha de FPEnna a fháil amach, tá siad go léir liostaithe ar láithreán Gréasáin Pharlaimint na hEorpa de réir thír an AE a ndéanann siad ionadaíocht di:

FÉACH ANSEO le FPE de do chuid a aimsiú. D’fhéadfaí go mbeadh spéis ar leith ag duine éigin i do réigiún, do chathair nó i do bhaile i gcloisteáil uait. Beidh cosúlacht agaibh le chéile. D’fhéadfaí go ndeachaigh sé nó sí ar an scoil chéanna ar a bhfuil tusa!

Féadann tú liosta iomlán a fheiceáil anseo arís de réir an pháirtí polaitíochta dá bhfuil siad baill, cliceáil faoi ‘iomlán’ i leith liostáil do thíre chun liosta iomlán de FPEnna a fheiceáil.


Conas Parlaimint na hEorpa a achainí

Tá foirm ar líne a bhféadann saoránaigh an AE úsáid a bhaint aisti lena n-achainí – nó moladh – a sheoladh go díreach chuig Parlaimint na hEorpa. Cuimhnigh nach mór di a bheith bainteach le rud a bhféadann an AE tionchar a imirt uirthi – is é sin ábhar a bhaineann le beartais an AE.

Is próiseas réasúnta foirmiúil é agus iarrfaidh sé sonraí aitheantais. Caith súil air ach cuir ceist ar do mhúinteoir sula líonfaidh tú isteach é.

Féach anseo chun dul chuig láithreán Gréasáin Pharlaimint na hEorpa mar a bhféadann tú d’achainí a chur isteach.

Cuimhnigh gur féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh le FPE de do chuid freisin.


Tionscnamh na Saoránach

Tá Tionscnamh na Saoránach ina bhealach do shaoránaigh an AE aighneacht a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach chun moladh dlí nua a iarraidh.

Tá milliún saoránach de dhíth air seo chun achainí a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach.

Is féidir an chéad cheann de Thionscnaimh na Saoránach a sheoladh ón 1 Aibreán 2012.

Tugann sé an deis do shaoránaigh Choimisiún an AE dlí nua a mholadh – d’fhéadfadh sé a bheith ina Threoir nua, mar shampla, ach cuimhnigh go leanfaidh an próiseas ar aghaidh sa ghnáth-chaoi tar éis an phróisis seo trí na struchtúir dhaonlathacha éagsúla den AE.

Is measartha casta atá na rialacha maidir le cé a fhéadann é seo a dhéanamh.

  • Ní mór do choiste saoránach é a dhéanamh.
  • Ní mór dó 7 ball a bheith aige.
  • Ní mór dó baill a bheith aige a bhfuil cónaí orthu i 7 dtír an AE.
  • Beidh bliain amháin acu leis na ráitis a thiomsú (is í seo an dóigh a ndéanann daoine an achainí a ‘shíniú’)
  • Ní mór na ráitis seo a dheimhniú go hoifigiúil
  • Ní mór 1 milliún saoránach a bheith inti agus ní mór gurb as ceathrú cuid de thíortha an AE iad

Tar éis dó í a fháil, beidh 3 mhí ag an gCoimisiún chun plé a dhéanamh ar an gcéad rud eile a dhéanfaidh sé. (Mar shampla, is gá go bhfuil an moladh réasúnta, ar aon dul le dlíthe eile an AE, agus ina rud a bhféadfadh an Coimisiún é a dhéanamh).

Is rud an-nua don AE é seo – tá sé ina chuid de Chonradh Liospóin.

Féach anseo le haghaidh an naisc leis an leathanach baile um Thionscnamh na Saoránach

Féach tuilleadh anseo

EU-Tube – Bealach an EU ar YouTube. Anseo

eutube150x56 en


Conas Aighneacht a Dhéanamh 

Tá tú ag dul aighneacht fhíor a dhéanamh leis an AE! Is é seo an focal a úsáidtear nuair a scríobhtar chuig an AE le smaoineamh nó le hiarratas. Tá sé seo freisin ar cheann de na dóigheanna is tábhachtaí a bhféadann tú do thuairimí a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh.

Lean na treoirlínte seo – agus cuimhnigh, más fearr do thaighde, is fearr do mholadh, agus tá seans níos mó ann go n-úsáidfear í sa deireadh.

Dóigh amháin chun tionchar a imirt ar an AE is ea na smaointe is fearr a bheith agat. Go minic, is iad na daoine a chuireann dea-réiteach i láthair nó a bhfuil an fhaisnéis is úsáidí acu na daoine a n-éistear leo.

Bí cinnte go n-iarrfaidh tú ar do mhúinteoir comhairle agus cead a thabhairt sula dtosaíonn tú.

Agus cuimhnigh – is fíor é seo!!!!!!

Tá níos mó ná dóigh amháin ann chun aighneacht a dhéanamh

Uaireanta, iarrann an Coimisiún Eorpach ‘glao ar aighneachtaí’. Murab amhlaidh an cás, tá dóigheanna eile ann chun do smaointe a chur ar aghaidh.

Déan cinneadh maidir leis an gcuid den AE ar cheart teagmháil a dhéanamh léi – beidh sé seo ag brath den chuid is mó ar ábhar do mholta. Chomh minic lena athrach, ba cheart é a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig FPE de do chuid nó chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá ‘Páipéir Uaine’ ann freisin – is dréacht-leaganacha iad seo de na rialacha nua agus iarrtar ar dhaoine iad a léamh agus trácht orthu.

Mar chríoch, más ionann seo agus an sórt molta ina bhfuil spéis ag daoine ar fud an AE, d’fhéadfaí go gcuirfí isteach é mar Thionscnamh Saoránach, ach is cúram an-mhór é seo agus is é atá i gceist anseo daoine ó roinnt tíortha a bheith ag obair le chéile air.

Conas d’aighneacht a ullmhú

Chun d’aighneacht a dhéanamh leis an AE, lean na treoracha seo.

Scríobh faoi na príomh-cheannteidil seo. Bain úsáid as íomhánna agus léaráidí, ach ar bhealach coigilteach an uair seo – ach amháin i gcás ina ndéantar iad d’fhonn míniú nó fianaise a chur ar fáil. (D’fhéadfadh d’aighneacht a bheith i bhfoirm físeáin nó beochana fiú!).

Ábhar
Is é seo teideal d’aighneachta

Achoimre
D’aighneacht in aon líne amháin. Cabhraíonn sí leis an duine atá á leamh cinntiú go dtéann sí chuig an roinn cheart nó chuig daoine nach mór í a fheiceáil.

An Fhadhb Shonraithe
Déanann tú cur síos mionsonraithe anseo cad a bhfuil feabhas ag teastáil uaidh nó cad tá ag dul ó rath. Cuimhnigh gur cheart rudaí diúltacha a scríobh a socra is féidir. Soiléirigh na píosaí ar fíricí iad agus na píosaí ar tuairimí iad – tá an dá cheann acu tábhachtach ach, chun na críche seo, ní mór iad a aithint thar a chéile.

An Cás anois
Is anseo a thugann tú cuntas ar an dóigh a bhfuil rudaí faoi láthair agus a rabhadar roimhe. Is forbhreathnú ginearálta é seo, agus is iad seo a leanas an cineál fo-cheannteideal a d’fhéadfadh gur mhaith leat a úsáid:

Forbhreathnú stairiúil

  • Réitigh níos luaithe
  • Beartas poiblí – (baineann sé seo le rialacha, dlíthe agus socruithe arna ndéanamh ag an gcomhairle contae, ag an gcomhairle cathrach cheana féin)
  • Beartas an AE – (baineann sé seo le rudaí atá á ndéanamh ag an AE cheana féin nó a rinne sé roimhe)

Na Feabhsuithe a mholann tú

Is anseo a chuireann tú ar aghaidh do smaointe ar réiteach nó dóigh níos fearr chun rudaí a dhéanamh

Glaonna ar Aighneachtaí ón gCoimisiún Eorpach

Nuair a iarrann an Coimisiún Eorpach moltaí ón bpobal, is ‘glao ar aighneachtaí’ é seo. Iarrfaidh an Coimisiún aighneachtaí maidir le dlíthe nua atá beartaithe. Tugann sé seo an deis do gach duine lena mbaineann a mbuarthaí agus a smaointe a chur ar aghaidh. Is féidir leo teacht ó dhaoine aonair ach is é is iondúla go ndéanann grúpa daoine a bhfuil leas chomhchoiteann acu aighneacht le chéile.

Aimsigh cé na ‘Glaonna ar Aighneachtaí’ atá á n-iarraidh faoi láthair 

Chun aimsiú an bhfuil ‘glaonna ar aighneachtaí’ ar bith ann ar mhaith leat cur leo, seiceáil anseo le haghaidh an leathanaigh um Chomhairliúcháin Oscailte ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin.

Is féidir le cuid acu siúd a bheith an-teicniúil agus sainiúil. Beidh an-éagsúlacht san ábhar, ag brath ar ghnó reatha an Choimisiúin Eorpaigh. Uaireanta, bíonn cuid mhór ann agus iad bainteach le hábhair ar mhaith leat cur leo, agus uaireanta eile, ní amhlaidh a bhíonn.

Conas freagairt 

Iarr ar do mhúinteoir cabhrú leat sa chuid seo, go háirithe an chuid maidir le heolas fút a líonadh isteach. Téigh chuig an leathanach Gréasáin le haghaidh an leathanaigh um Chomhairliúcháin Oscailte de chuid an Choimisiúin – feicfidh tú liosta fada ábhar. Roghnaigh ceann amháin díobh, agus cliceáil ar ‘tuilleadh eolais’ (tá sé ar thaobh na láimhe deise den leathanach).

Tógfaidh sé seo thú chuig an leathanach Gréasáin faoin ábhar seo. Scrollaigh síos an leathanach.

Tiocfaidh tú chuig an gceannteideal ‘conas d’aighneacht a chur isteach’ agus chuig an rogha chun ‘saoránach’ a roghnú (sin thú!) agus lean na treoracha.

I gcás eile, d’fhéadfá an ceannteideal ‘Ceistneoir’ nó ‘Ceistneoir Comhairliúcháin’ a fháil nó uaireanta is é ‘Suirbhé’ an ceannteideal. Féadann tú ceann amháin díobh seo a roghnú agus é a líonadh isteach ar líne. De ghnáth, bíonn spás ar na foirmeacha seo le gur féidir leat do thuairim a thabhairt freisin.

Bíonn rogha ann corruair chun Tuarascáil nó Moladh a chur isteach. Sa chás seo, bíonn seoladh ríomhphoist ann de ghnáth lena chur.

Páipéir Uaine 

Is iad seo an chéad dréacht de na rialacha nua. Is minic a bhíonn siad an-fhada agus an-mhionsonraithe, ach féadann siad a bheith an-teicniúil, ag brath ar an ábhar. Is saineolaithe sa réimse iad na daoine a rachaidh na rialacha nua i bhfeidhm orthu i gcoitinne agus, dá bhrí sin, bíonn an cumas acu aighneachtaí a dhéanamh.

Féach anseo le haghaidh liosta de na Páipéir Uaine reatha agus roimhe seo