Iriseoirí an Lae Amárach

Iriseoirí an Lae Amárach

Modúl Idirbhliana ar Zoom dírithe ar dhaltaí Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.

Ar siúl idir 1 agus 4 Márta 2021.

Beidh deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoin módúl nua iriseoireachta ar líne, a bheidh á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.

Reáchtálfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an cúrsa, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. Beidh an cúrsa dírithe ar scoláirí Idirbhliana in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán físchomhdhála Zoom idir 1 agus 4 Márta 2021.

Is deis atá ann do scoláirí léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta, ionas go bhfeicfeadh scoláirí idirbhliana céard atá i gceist, agus an mbeadh suim acu obair a dhéanamh sa réimse sin sa todhchaí.

CLICEÁIL ANSEO CHUN NÍOS MÓ EOLAIS A FHÁIL