Institiúidí Eile


Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |

 

Tá eagraíochtaí eile san Aontas Eorpach. Tá cuid acu ann chun comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí príomha agus tá sainobair le déanamh ag cuid eile.

Cúirteanna an Aontais Eorpaigh

Imríonn Cúirteanna an Aontais Eorpaigh le chéile ról an-tábhachtach san AE agus tá an-tionchar acu. Tá trí chúirt ann – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Speisialaithe. Tá siad lonnaithe i Lucsamburg.

An ceann is tábhachtaí díobh is ea Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; gairtear ‘an Chúirt’ uirthi go minic agus bunaíodh in 1952 í.

Cosnaíonn an Chúirt leasanna thíortha an AE agus shaoránaigh an AE araon. Áirithíonn sí freisin go gcuirtear dlíthe an AE i bhfeidhm sa dóigh chéanna sna tíortha go léir den AE.

Mura bhfuil cúirt náisiúnta i dtír an AE cinnte maidir le conas dlí an AE a úsáid, iarrfaidh sí comhairle ar an gCúirt. Seolann an Chúirt freagra chuig an tír ina dhiaidh sin – tugtar ‘Réamhrialú’ air seo agus baintear úsáid as sa chúirt náisiúnta leis an gcás cúirte a chur i gcrích.

Tá an Chúirt iontach nua-aimseartha, agus cuirtear a breithiúnais ar fáil don phobal ar líne lom láithreach agus ritear iad.

Áiteanna inar féidir eolas faoi Dhlíthe an AE a fháil

Tá láithreán Gréasáin a thugann achoimrí ar reachtaíocht an AE ag an gCoimisiún.

Féach EurLex freisin le haghaidh na ndlíthe go léir – is cáipéisí dlí iad seo agus, mar sin de, tá siad an-fhoirmiúil. Caith súil le ceann amháin leis an gcuma atá air a fháil. Nuair a bhíonn an dlí réidh, foilsítear é san Iris Oifigiúil. Is féidir leat cuardach le haghaidh dlí ar leith – féach ar an taobh clé den leathanach.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an phríomhchúirt de na trí chúirt, is í seo an chúirt ina ndéantar na cinntí dlí is mó tábhacht.

Tá breitheamh ann ó gach tír den AE, agus, mar sin de, tá 27 Breitheamh ann. Tá an post ina seilbh ar feadh sé bliana.

I gcás cúirte, bíonn triúr nó cúigear breithiúna ina suí de ghnáth, ach is féidir tuilleadh breithiúna a bheith ann le haghaidh rud éigin atá iontach tábhachtach nó casta.

Bíonn ochtar Ardabhcóidí ann freisin a chuireann comhairle ar na Breithiúna, is é seo chun cabhrú leis an ualach oibre. Is minic a bheidh cibé rud a chomhairlíonn an tArdabhcóide ar an gcinneadh deiridh, agus bíonn cuid mhór tionchair acu mar sin de.

An Chúirt Ghinearálta

Tá an Chúirt Ghinearálta ann chun cabhrú leis na cásanna dlí atá beagáinín níos leadránaí, agus bunaíodh in 1989 í chun cabhrú le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

De ghnáth, is í an chúirt seo an chéad chúirt a phléann le ceisteanna agus le hiarratais chomhairle ó chúirteanna náisiúnta. Is minic a bhíonn na ceisteanna díreach, ach tá an chúirt náisiúnta neamheolach ar na sonraí go léir agus tá cabhrú ag teastáil uaithi chun brí a bhaint as dlí an AE.

Go bunúsach, pléann an Chúirt Ghinearálta le saincheisteanna coiteanna eile. Tá sí ann chun ualach oibre na cúirte uachtaraí a laghdú, is í sin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Na Cúirteanna Speisialaithe

Tá ról an-sainiúil ag na Cúirteanna Speisialaithe. Éisteann siad le cásanna a d’fhéadfadh a bheith iontach teicniúil nó saineolas a éileamh – cásanna cúirte faoi theicneolaíocht, mar shampla.

Bunaíodh in 2003 iad agus tá cúirt amháin ag feidhmiú faoi láthair darb ainm ‘Binse na Seirbhíse Sibhialta’. Éisteann sí le cásanna a bhaineann le fostaithe an AE.

Tá sé beartaithe cúirt amháin eile a bhunú roimh i bhfad chun sainfheidhmiú a dhéanamh ar phaitinní agus ar chearta maoine intleachtúla.

Na Breithiúna

Tá breitheamh ann ó gach tír den AE, agus, mar sin de, tá 27 Breitheamh ann. Tá an post ina seilbh ar feadh sé bliana.

I gcás cúirte, bíonn triúr nó cúigear breithiúna ina suí de ghnáth, ach is féidir tuilleadh breithiúna a bheith ann le haghaidh rud éigin atá iontach tábhachtach nó casta.

Uaireanta, is féidir leo suí le chéile ar chás agus tugtar Seisiún Iomlánach air seo, nó is féidir leo suí i ngrúpaí ina bhfuil 11 breithiúna nó 13 breithiúna agus tugtar Ard-Dlísheomra air seo.

Roghnaítear na breithiúna go cúramach ionas go mbeidh an cineál ceart taithí acu ina dtír féin agus bíonn siad ar na gairmithe dlí is fearr ar fáil.

An Chúis a Bhfuil an Chúirt Tábhachtach

Is féidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an-tionchar agus éifeacht pholaitíochta a bheith aici. Cosnaíonn sí leasanna na saoránach agus, nuair is gá, is féidir léi fíneálacha a ghearradh.

An Chúirt

Gairtear cúirt bhunreachtúil uirthi – ciallaíonn sé seo gur faoi chonarthaí agus rialtais atá an dlí lena bpléann sí. Ní hionann é agus an cineál dlí a fhaightear i do chúirt áitiúil.

Áirithíonn an Chúirt go gcuirtear dlíthe an AE i bhfeidhm sa dóigh chéanna sna tíortha go léir den AE.

Is go huathoibríoch a thagann cibé rud a chinneann an Chúirt isteach sa dlí i ngach tír den AE agus tá a gcinneadh críochnaitheach. Go bunúsach, is í seo an chúirt is airde – do thíortha an AE. Meabhraigh, áfach, nach mbíonn baint aici ach le cásanna cúirte a bhaineann leis an AE agus le conarthaí an AE.

Le linn don Chúirt an rud a dhéanfaidh sí a phlé, féachann sí ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus ar na conarthaí go léir. Tá sé an-tábhachtach go ndéanann an Chúirt machnamh ar a raibh beartaithe agus ar na prionsabail mhóra. Déanann sé seo an-difear don sórt cinntí a dhéanann an Chúirt.

Is iondúil a bhíonn tionchar mór acu nó féadann siad caighdeán nua a bhunú.

Dá bharr seo, féadann sí cabhrú leis an AE forbairt. Tá an claonadh ag an gcúirt taobhú leis na ‘smaointe móra’ sna conarthaí agus leis an saoránach. Féadann sí difear a dhéanamh.

Díriarmhairt agus Ceannas

Rinne an Chúirt dhá rialú a bhí ríthábhachtach. Is iad seo Rialú na Díriarmhairte (Van den Loose 1963), a chiallaíonn go n-éiríonn dlí an AE ina dhlí i dtíortha an AE lom láithreach agus an rialú um Cheannas Dlí an AE (Costa v Enel 1964), a chiallaíonn go ngabhann sé in ionad an dlí náisiúnta.

Cairt um Chearta Bunúsacha an AE

Leagann sí cearta shaoránaigh an AE amach. Síníodh in 2000 í. Tá sé chatagóir inti – Dínit, Saoirsí, Comhionannas, Dlúthpháirtíocht, Cearta na Saoránach agus Ceartas. Tá sí ina cuid de Chonarthaí an AE ón mbliain 2009 freisin, nuair a ionchorpraíodh isteach i gConradh Liospóin í (cé gur dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe, an Pholainn agus Poblacht na Seice a bheith páirteach sa Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach). Féadann an Chúirt féachaint uirthi agus a breithiúnais á gcinneadh aici.

Cá bhfuil siad?

Tá Cúirteanna an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsamburg.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Rue du Fort Niedergrünewald
L-2925 Lucsamburg

An Chúirt Ghinearálta

Rue du Fort Niedergrünewald
L-2925 Lucsamburg

An Chúirt Speisialaithe

35A, Ascaill J.-F. Kennedy,
L-1855 Lucsamburg

Léarscáil – féach anseo – tá sí suite i gceantar Kirchburg i Lucsamburg

Le haghaidh leathanach baile láithreán Gréasáin na Cúirte a fheiceáil, féach anseo

An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

Is minic a thugtar EcoSoc ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Is eagraíocht í a thugann comhairle faoin ngeilleagar agus faoi shaincheisteanna sóisialta.

Déanann EcoSoc ionadaíocht do réimse leathan grúpaí éagsúla, amhail gnó, oibrithe sláinte, grúpaí comhshaoil agus eile.

Ba í seo ceann de na heagraíochtaí is luaithe den AE a bunaíodh agus tá sí ina foinse thábhachtach smaointe agus saineolais thar na blianta.

EuropeAid

Is gníomhaireacht an AE í EuropeAid. Eagraíonn sí cúnamh thar lear do thíortha i mbéal forbartha.

Is gníomhaireacht an AE í EuropeAid agus is cuid den Choimisiún Eorpach í freisin.

Déanann sí cistí do mhórthionscadail chúnamh forbartha i dtíortha bochta ar fud an domhain a eagrú agus a sholáthar. B’ionann tionscadal coiteann agus íoc as an tógáil stáisiún cumhachta hidrileictrí i dtír nach mbeadh an t-airgead aici ceann a thógáil ar shlí eile.

Déanann na tíortha go léir den AE ranníocaíocht leis an gciste seo.

An Banc Ceannais Eorpach

Tá an Banc Ceannais Eorpach ar cheann amháin de na seacht n-institiúid den AE.

Tá an Banc Ceannais Eorpach freagrach as áirithiú go reáchtáiltear limistéar an Euro agus an Euro gan tuisliú. Is ionann a phríomhchúram agus boilsciú a chosc.

Coiste na Réigiún

Déanann Coiste na Réigiún ionadaíocht do na rialtais áitiúla go léir san AE – is iad sin comhairlí contae, comhairlí cathrach, tionóil réigiúnacha agus a leithéid. I dtíortha eile an AE, féadann na heagraíochtaí seo a bheith iontach mór agus a lán tionchair a bheith acu.

Ní mór dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus rialacha nua á scríobh. I gcásanna áirithe, má tá Coiste na Réigiún den tuairim go bhfuil neamhiontas á dhéanamh dó, féadfaidh sé gearán a dhéanamh faoi seo le Cúirteanna an AE. Dá dtarlódh a leithéid, chuirfeadh sé moill ar obair na n-institiúidí príomha agus is é seo rud nach maith leo. Tríd an modh seo, tá cumhacht áirithe ag Coiste na Réigiún – ach is cumhacht nua í seo a fuair sé i gConradh Liospóin agus níor bhain sé triail aisti go fóill!

SEGS

The European External Action Service is not an institution but it is an important agency of the EU which concentrates on foreign affairs.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Ní institiúid í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ach is gníomhaireacht thábhachtach an AE í a dhíríonn ar ghnóthaí eachtracha.

Is é ceannaire SEGS Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Go dtí an bhliain 2014, is le Banbharún Catherine Ashton an post seo.

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

 Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar cheann amháin de na seacht n-institiúid den AE. Tá an tasc aici taifid airgeadais na n-institiúidí go léir den AE a sheiceáil chun áirithiú go bhfuil gach rud ceart.