Ceacht 3 – An Seabhac
An Seabhac
Tuiscint:
1) Céard í an eachtra mór atá ag tarlú?
2) Cé hiad an beirt atá ag troid?
3) Céard tá ar dhroim an tSeabhaic?
4) Cén babhta ina dtiteann an Seabhac?
5) Céard tá an buachaill beag ag an taobhlíne a rá lena athair?
6) Cad a dhoirt a mhac air agus iad ag súgradh sa teach?
7) Cad a bhí an Seabhac a dhéanamh nuair a tháinig an beirt fhear?
8) Cad tá an fear sa seomra dorcha a iarraidh ar an Seabhac?
9) Céard a thabharfaidh sé dó má déanann sé é?
Cuir na habairtí san ord ceart leis an scéal a insint.
a) Tá beirt dornálaithe ag troid agus tá gach duine ag féachaint orthu.
*) Feiceann an Seabhac fear le huaireadóir agus sméideann sé a cheann, ansin titeann an Seabhac tar éis an céad bhuille eile.
c) Tá an bhean agus an páiste ag éisteacht leis an troid ar an radio.
*) D’inis sé an scéal dá bhean agus dúirt sise ‘No’ a rá leis an bhfear.
e) I babhta a cúig titeann an Seabhac nuair a bhuaileann McCosker é?
*) Sa seomra feistis tugann an cóitseálaí caint spreagúil dó ag meabhrú dó faoin obair chrua atá déanta aige don troid seo.
g) Tá a mhac ag iarraidh é a dúiseacht agus deir sé ‘Éirigh, a Dhaid, éirigh!’
*) Tá buachaill beag sa lucht féachana lena athair agus tá an t-athair ag ól.
i) Feiceann muid go ndearna an fear sin bagairt air nuair nár ghlac sé leis an airgead.
*) Cloiseann sé an buachaill beag ag caint lena Dhaid agus éiríonn an Seabhac; níl an fear a bhí ag iarraidh air titim sásta leis.
*) Níl a fhios ag an Seabhac céard ba cheart dó a dhéanamh – an t-airgead a thógáil nó an bua a fháil sa troid.
l) Nuair atá An Seabhac ag traenáil tá an fear ag féachaint air.
*) Titeann an fear a bhí ag ól le taobh an chró dornálaíocht ina chodladh.
*) Tá an Seabhac ag troid go maith.
*) Rinne siad bagairt ar a chlann freisin agus ghortaigh siad a lámha.
p) Cinntíonn an réiteoir go bhfuil an Seabhac ceart go leor agus ansin buann sé an troid.
![]() |
[ ] | 72 Kb |