Ceacht 2 – An Buille

Ceacht 2 – An Buille
An Buile.

1) Cén fáth an bhfuil Néidín i dtroiblóid?
2) Cén cineál duine é athair Néidín, ÉamonnÉamonn?
3) Cén post atá ag Éamonn?
4) Cé hé ceannasaí Éamoinn?
5) Cé mhéad uair a ngabhann Éamonn leithscéal le daoine?
6) Cén fáth nach mbíonn Frank sásta le léine Éamoinn, céard a deir sé leis?
7) Cén fáth nach bhfuil Gráinne sásta nuair a théann sí chun an fhoirm a shíniú?
8) Cén fhad a thugann Frank d’Éamonn leis an troscán a chur le céile?
9) Cén chaoi a mhothaíonn Éamonn nuair a bhuaileann sé Néidín?
10) Cén fáth ar bhuail Néidín an buachaill?
11) Cén sórt críche atá ag an scéal seo; an raibh tú sásta leis?

* Cén dath atá ar leabhar Néidin?
* Cén dath atá ar an veain?
* Cén uimhir atá ar phláta clárúcháin an veain?

Is túsa Néidín; scríobh cuntas ar imeachtaí an lae. Scríobh faoi do mhothúcháin agus tabhair do thuairim faoi na daoine lenar a chas tú i rith an lae; an príomhoide, d’athair, an bhean Tigh Jeaic, Gráinne, Frank agus Jeaic.

Cuir na habairtí seo san ord ceart leis an scéal a insint.

Níl a mhac sásta leis ná le hiompar na ndaoine.
Tar éis lóin leanann daoine ag tabhairt amach dó.
Bhí Néidín i dtrioblóid mar gur bhuail sé buachaill eile.
Ag am loin doirteann Éamonn tae ar a léine.
Imíonn an teannas agus tá an bheirt acu sásta.
Gabhann sé a leithscéal leo.
Chuaigh sé timpeall sa vean lena athair le haghaidh an lae.
Deir Néidín lena athair nár cheart dó glacadh leis agus go bhfuil sé cosúil le mata urláir.
Níl na daoine go deas leis agus ní sheasann sé suas do féin.
Chuaigh athair Néidín ar scoil mar go raibh Néidín i dtrioblóid.
Níl sé sásta leis seo agus buaileann sé a mhac.
Mothaíonn Éamonn go dona agus éiríonn sé crosta nuair a chuireann Jeaic ceist air. Bhí a athair ag tabhairt troscán chuig daoine éagsúla.