San Eangach-Ceacht 9

San Eangach-Ceacht 9

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil Emma chun seasamh a thógaint ar son cearta a mic. Impíonn Liam uirthi teacht i gcabhair air ach is obair in aisce atá ann.

Ceacht 9
Tuiscint:
  • Cén claonadh/faisean atá i Liam, dar leis an mbleachtaire?
  • Cá bhfuil an bleachtaire agus Emma ina suí?
  • Cad atá os comhair Emma amach ar an mbord?
  • Cad a bhrúnn sí trasna an bhoird i dtreo an bhleachtaire?
  • Cad a dhéanann an bleachtaire leis an gcupán atá ar an mbord?
  • Cé a thagann isteach sa seomra?
  • Cad atá aici ina baclainn?
  • Cad chuige go ndeir an bleachtaire le Daisy go bhfuil saol deas aici? An bhfuil an ceart aige, meas tú?
  • An raibh Daisy ar scoil an lá sin, dar leis?
  • An mbíonn sí as láthair ón scoil go rialta, meas tú? Cad chuige?
Cuimhne:
  • Cén cruth atá ar chuid gruaige Emma?
  • Conas atá sí gléasta?
  • Cad iad na rudaí atá ar an mbord?
  • Cad atá ag Daisy ina baclainn?
  • Cén dath atá ar ghruaig an ruda atá ina baclainn aici?
  • Cad a bhrúnn an bleachtaire trasna an bhoird i dtreo Emma?
  • Cén sórt doiciméid atá ann, meas tú? An síneann Emma an doiciméad? Cá bhfios duit?
Caint:

Is oibrí sóisialta tusa. Tá tú ag déanamh gearáin leis na seirbhísí sláinte maidir le teaghlach Uí Ghríofa. Is ‘teaghlach neamhfheidhmiúil’ atá ann, dar leat, agus ba chóir cuidiú le hEmma réiteach a fháil ar an bhfadhb óil atá aici agus na páistí a chur isteach in ionad cúraim.

Scríobh síos an comhrá a bheadh idir tú féin agus ionadaí ó na seirbhísí sláinte ar an ábhar seo.

Scríobh:

Scríobh aiste ghearr ar an teideal seo a leanas: ‘Tá faillí á dhéanamh ar dhaoine óga goilliúnacha ag seirbhísí sláinte agus cúraim na tíre seo’.

Gluais:

Claonadh/faisean – nós, dul nó luí le.
Baclainn – lámha, ucht ;
Teaghlach neamhfheidhmiúil – teaghlach nach bhfuil ag feidhmiú i gceart (dysfunctional family).