San Eangach-Ceacht 8

San Eangach-Ceacht 8
Mír idirlín 8

Cuireann geáitsí a mháthar i mbeár an chlubtí déistin ar Liam. Tá sé i ndeireadh na feide agus ní sheasann a mháthair an fód ar a shon. A mhalairt a dhéanann sí.

Ceacht 8
Tuiscint:
  • Cé atá i dteannta mháthair Liam i mbeár an chlubtí?
  • Cad atá timpeall a mhuiníl aige?
  • Cad atá á ól ag Emma (máthair Liam)?
  • Cad a bhronnann an fear ar Liam?
  • Cad chuige go mbronnann sé air é?
  • An nglacann Liam leis?
  • Cad a deir Daisy?
  • Cad a dhéanann an fear nuair a imíonn Liam agus Daisy?
  • Cad a cheannaíonn sé d’Emma?
  • Cén aoibh atá ar a haghaidh?
  • Cé a thagann isteach i seomra leapa Liam sa bhaile?
  • Cad air a bhfuil Liam ag smaoineamh agus é ina luí ar an leaba?
Cuimhne:
  • Cad atá le feiceáil ar bhallaí an bheáir?
  • Cén dath atá ar fhéasóg an fhir atá i dteannta Emma (máthair Liam agus Daisy)?
  • Cén dath atá ar an scaif?
  • Cé mhéad airgid a bhronnann an fear ar Liam?
  • Cad chuige nach dteastaíonn ó Liam glacadh leis, meas tú?
  • Cad chuige go dtagann Daisy isteach go seomra codlata Liam, meas tú?
  • Cad atá le clos ag Liam?
  • Cé atá ag déanamh an torainn, meas tú?
Caint:

Is custaiméir tusa i mbeár an chlubtí. Tá tú ag breathnú ar Emma agus a pairtnéir ag ól agus ag súirí. Tá tú ag breathnú ar Liam agus ar Daisy freisin. Tá tú den tuairim go bhfuil siad ag tabhairt drochshampla do Daisy ach go háirithe. Labhraíonn tú le hoibrí sóisialta faoi an lá dar gcionn. A bhfuil le rá agat a scríobh síos.

Scríobh:

Scríobh cuntas gearr ar fhadhb an óil in Éirinn agus an drochthionchar a bhíonn aige ar pháistí scoile.

Gluais:

Clubtheach – áit shóisialta a bhíonn ag clubanna spóirt dá mbaill.