San Eangach-Ceacht 7

San Eangach-Ceacht 7
Mír idirlín 7

Is beag tacaíocht a fhaigheann Liam óna mháthair agus bíonn sé soiléir nach bhfuil sí ag iarraidh cabhrú leis sa sáinn ina bhfuil sé.

Ceacht 7
Tuiscint:
  • Cá bhfuil máthair Liam nuair a thagann sé abhaile?
  • Cé atá ina teannta?
  • Cad atá á ól ag a máthair?
  • Cad a deir Liam léi?
  • Cad a deir sé léi faoi na leaids eile?
  • Cad a dúirt an breitheamh le Liam an uair dheireanach a chas sé air, dar leis an mbleachtaire?
  • Cé eile atá sa seomra ceistiúcháin i dteannta Liam agus an bleachtaire?
  • Cén sórt seaicéid atá á chaitheamh ag máthair Liam?
  • Cad chuige go raibh Liam i dtrioblóid cheana, dar léi?
  • Cad chuige go bhfuil a croí briste, dar léi?
  • Cad iad an dá rud is mó ina gcuireann sí spéis, dar le Liam?
  • Cad chuige, dar leat, nach bhfreagraíonn Liam an cheist a chuireann a Mham air faoi cad chuige ar bhuail sé Liam san aghaidh?
  • Cen bhaint atá ag na social workers leis an scéal, dar le Liam?
  • Nuair a thosaíonn sí ag gol, cad a dhéanann Liam?
  • Cé air a chuireann sí an milleán? An aontaíonn Liam léi, da leat?
Cuimhne:
  • Cad atá ar siúl ar an teilifís nuair a thagann Liam abhaile?
  • An clár Gaeilge nó Béarla é, meas tú?
  • Cad atá istigh sa ghloine atá ina láimh aici, dar leat?
  • Deir a Mham leis go bhfaighidh sí duine chun cabhrú leis. Cén duine atá i gceist aici?
  • Cad deir sí go ndéanfaidh sí amárach?
  • D’ainneoin gach rud tá an chuma ar an scéal go bhfuil Liam ceanúil ar a Mham. Cá bhfios duit? Tabhair dhá phíosa fianaise as an mír chun cuidiú le do fhreagra.
Caint:

Is tusa an bleachtaire. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar mháthair Liam.

  • Cad chuige go ndearna sé é sin, dar leat?
  • Ceap mé go raibh sé éirithe as an ngadaíocht? Cad chuige ar robáil sé an MP3 Player ó Oisín Ó Conchubhair mar sin, dar leat?
  • An bhfuil tusa ag tabhairt aire mhaith do Liam agus do Daisy?
  • Cé leis a bhfuil tú ag siúl amach faoi láthair?
  • An ólann tú a lán na laethanta seo?
  • An gceapann tú go mbeadh sé níos fearr dá gcuirfí Oisín isteach in Institiúid Naomh Eoghan?
  • Cad a dhéanfaidh tú má bhaintear Daisy díot?
  • An bhfuil tú ag déanamh aon iarracht leigheas a fháil ar an bhfadhb óil atá agat?
  • An dtugann tú fir thar n-ais go dtí an teach leat?
  • An gceapann tú gur drochshampla don mbeirt pháiste é sin?
Scríobh:

Is tusa Liam. Scríobh cuntas gairid ar an ngaol atá agat le do Mham. Déan cur síos ar conas a mhothaíonn tú ina taobh.

Gluais:

Ag clúdach – ag ceilt.
Spréach sé thú – chuir sé cuthach feirge ort.
Craiceann – focal coitianta ar ghnéas.