San Eangach-Ceacht 6
Mír idirlín 6
Tá an phraiseach ar fud na mias ar fad agus tá Liam bocht i dtrioblóid mhór.
Ceacht 6
Tuiscint:
- Cé a thagann isteach sa teach?
- Cad a cheapann an bleachtaire faoin staid ina bhfuil Oisín?
- Cad atá ar siúl ag an ngarda atá suite ag an mbord?
- Cén bhail atá ar Oisín, dar leis an mbleachtaire?
- An gceapann tú go gcreideann an bleachtaire go raibh an drochíde tuillte ag Oisín? Cén fáth?
- Cé a thosaigh an trioblóid, dar le Liam?
- Cad atá ina láimh aici ag Daisy?
- Cad a chruthaíonn sé sin don mbleachtaire?
- Cén cuma atá ar Oisín agus é ina luí ar an leaba san ospidéal?
- Cad chuige, dar leat, go bhfuil Liam imníoch nuair a fheiceann sé an cruth atá ar Oisín?
- Cad a deir Liam le Feargal nuair a thagann sé isteach sa seomra ranga?
- Cén freagra a thugann Feargal air?
- Cén ceist a chuireann an múinteoir ar Liam?
- Cén ceist a chuireann Liam ar Mikey?
- Cén freagra a thugann Mikey air?
Cuimhne:
- Conas atá an bleachtaire gléasta?
- Cad atá scríofa ar an MP3 Player atá ina láimh aici ag Daisy?
- Cé mhéad daoine atá ina seasamh le hais leaba Oisín san ospidéal?
- Cad atá ag clúdach srón Oisín?
- Cad atá le feiceáil ar a chlár éadain?
- Cén dath atá ar léine an mhúinteora sa seomra ranga?
- Cén dath atá ar an éide scoile a chaitheann na daltaí?
- Cén t-ordú a thugann an múinteoir do Liam?
- An scoil buachaillí nó scoil mheasctha í an scoil ar a bhfuil Liam ag freastal uirthi?
Caint:
Is tusa an múinteoir. Déanann tú an eachtra a tharla sa seomra ranga a phlé leis an bpríomhoide ag am lóin. Scríobh síos an t-agallamh a bheadh idir an bheirt agaibh.
Scríobh:
Is tusa dalta atá in aonrang le Liam. Scríobh cuntas gairid i do dhialann scoile faoin saghas buachalla é, dar leat.
Gluais:
Otharlann – barda ospidéil.
Drochbhail – drochchaoi, gan a bheith go maith.
Tuillte aige – ag dul dó.
Culaith – éide scoile.