San Eangach-Ceacht 5
Mír idirlín 5
Tá cúrsaí sa bhaile níos measa ná riamh.
Ceacht 5
Tuiscint:
- Cé atá sa bhaile nuair a fhilleann Liam?
- Cad ata á dhéanamh ag a Mham?
- Conas atá sí gléasta?
- Féachann Liam uirthi le hionadh is le halltacht. Cad chuige, dar leat?
- Cén t-ordú a thugann sí do Liam?
- Cá dtéann sí ansin? Cá dtéann Liam?
- Cad a thógann Daisy as mála trealaimh (spóirt) Liam?.
- Cad chuige go ndéanann sí é sin, meas tú? Cad a cheapann sí i draobh an ruda atá tógtha amach as a mhála aici?
- Nuair a ransaíonn Liam a mhála spóirt cad a bhíonn á lorg aige, meas tú?
- Cad a chloiseann sé nuair a thagann sé amach as an gcith?
Cuimhne:
- Cén sórt ceoil atá le clos ar an raidió nuair a fhilleann Liam abhaile?
- Cad atá á ól ag a Mham?
- Cad chuige gur mhaith le Mam nach rachadh Daisy a luí ró-luath, meas tú?
- Cad atá ina láimh aici ag Daisy?
- Cén mothúchán a léiríonn sí nuair nach bhfuil aon ‘surprise’ ag Liam di?
Caint:
Is tusa máthair Liam. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar dhuine de do chairde.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Cad a cheapann tú faoin saol a bhíonn ag máithreacha aonair?
- An bhfuil tusa tréigthe ag d’fhear céile?
- An dtugann d’fhear céile cúnamh airgid duit?
- An bhfuil caidreamh maith nó drochchaidreamh idir an bheirt agaibh?
- Cé mhéad páistí atá agatsa?
- Cad is aois dóibh?
- An bhfuil tú ag siúl amach le haon fhear eile i láthair na huaire?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad iad na fadhbanna atá agat faoi láthair? An bhfeiceann tú go mbeidh réiteach agat ar na fadhbanna sin sa ghearrthréimhse?
- Conas a réitíonn tú le do mhac?
- Conas a réitíonn tú le d’iníon?
Scríobh:
Scríobh cuntas gearr faoi na fadhbanna a bhíonn ag teaghlaigh, go háirithe teaghlaigh nach bhfuil ag feidhmiú i gceart do chlár raidió áitiúil.
Gluais:
Mála trealaimh – mála gur féidir leat trealamh spóirt a chur isteach ann.