San Eangach-Ceacht 4

San Eangach-Ceacht 4

Mír idirlín 4

Tá an t-atmaisféar sa seomra feistis i ndiaidh an chluiche go hainnis ar fad. Tarlaíonn eachtra ghránna amuigh sa chlós.

Ceacht 4
Tuiscint:
  • Cé atá ag bailiú na ngeansaithe sa seomra feistis?
  • An dtugann Oisín a gheansaí go fonnmhar dó?
  • Dar le hOisín bhí na himreoirí go léir cosúil le_________.
  • Ar aontaigh na himreoirí eile leis an tuairim sin?
  • Conas a mhaslaíonn Oisín Rónán Mac an Rí? (Dhá phointe)
  • Cad ba chóir do Oisín a dhéanamh, dar le Liam?
  • Cén áit go mba chóir do Liam a bheith, dar le hOisín?
  • Cad chuige go leanann Oisín Liam amach as an seomra feistis?
  • Cad a dhéanann Oisín le camán Liam?
  • Cad chuige go mbualann Liam Oisín san aghaidh?
  • Cad a tharlaíonn nuair a imíonn Oisín as amharc?
  • Cá mbíonn Oisín nuair a fhilleann Liam thar n-ais?
  • Cad chuige, dar leat, go bhfuil cuid de na radharcanna a bhaineann leis an eachtra sa chlós i ndubh agus bán?
Cuimhne:
  • Cé dó a bhfuil Liam ag bailiú na ngeansaithe?
  • Cén dath atá ar bhallaí an tseomra feistis?
  • Tógann Liam rud éigin as seacéad Oisin atá ar crochadh ar an mballa? Cad chuige go ndéanann sé é sin, dar leat?
  • Cad chuige go seasann Liam suas d’Oisín sa seomra feistis?
  • Cá mbuaileann Oisín Liam leis an gcamán?
  • Cad a tharlaíonn don chamán ansin?
  • Cad a deir Feargal le Liam nuair a fhilleann Liam chun a mhála spóirt a fháil?
Caint:

Is tusa Feargal, duine de na buachaillí ar an bhfoireann. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar Mikey.

  • Cad is ainm duit?
  • Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
  • Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
  • Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
  • Inis dom faoi do spéiseanna.
  • Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
  • Cad a cheapann tú faoin gcluiche a bhí againn inniu?
  • Cé air a chuireann tú an milleán gur chailleamar é?
  • Cad chuige gur tugadh drochíde mar sin d’Oisín?
  • An raibh baint agatsa leis? An bhfaca tú cad a tharla?
  • Arbh é Liam ba chúis leis, meas tú?
  • An dtiocfaidh Oisín slán ón ndrochíde, meas tú?
  • Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
  • Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
  • Cad iad na fadhbanna atá agat faoi láthair? An bhfeiceann tú go mbeidh réiteach agat ar na fadhbanna sin sa ghearrthreimhse?
  • An bhfuil deartháir agus deirfiúr agat? Conas a réitíonn tú leo?
  • An réitíonn tú go maith le do Dhaid? Cén fáth?
  • An réitíonn tú go maith le do Mham? Cén fáth?
Scríobh:

Is tusa duine de na buachaillí a bhí amuigh sa chlós. Chonaic tú an eachtra go léir ó thús deireadh. Scríobh cuntas gairid i do dhialann faoina eachtra a chonaic tú.

Gluais:

Seomra feistis – seomra a úsáideann imreoirí nuair a bhíonn cluiche ar siúl acu.