San Eangach-Ceacht 3
Mír idirlín 3
Tá an cluiche féin go hainnis agus bíonn mí-ádh ar Liam.
Ceacht 3
Tuiscint:
- Cé mhéad de gheall a chuireann an bleachtaire (Martin Freeney) ar an gcluiche?
- Cad a deir Uinseann Mac an Rí leis ansin faoin ngeall?
- An nglacann Oisín (an captaen) le moladh Pete (an traenálaí), dar leat??
- Cad a deir Oisín le Mikey?
- Cad a dúirt Pete leis na cúlaithe a dhéanamh?
- An iománaí maith é Rónán Mac an Rí? Cá bhfios duit?
- Conas a imríonn Liam?
- An raibh an ceart ag an réiteoir Liam a chur den bpáirc, dar leat?
- Cén masla a thugann imreoir ón bhfoireann eile do Liam?
- Cé a bhuaigh an cluiche?
Cuimhne:
- Cén dath atá ar an gclogad a chaitheann Liam?
- Cad a mholann duine den lucht féachana do Uinseann Mac an Rí a cheannach dá mhac?
- Cén dath atá ar gheansaithe na foirne eile?
- Cén scór a fhaigheann Liam?
- Cé a lorgaíonn an sliotar ó Liam agus é ag rith i dtreo an chúil? Cad chuige, dar leat?
- Cá mbuaileann an t-imreoir ón bhfoireann eile Liam leis an gcamán?
- Ar ghortaigh Liam an t-imreoir eile, dar leat?
- Cén dath a bhí ar an gcárta a tugadh do Liam?
Caint:
Is tusa an réiteoir sa chluiche seo. Cuir na ceisteanna seo a leanas ar an duine atá suite in aice leat sa rang.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Conas a chaith tú an samhradh seo caite?
- Cad chuige go bhfuil spéis chomh mór sin agat san iománaíocht?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Cé hé an t-iománaí is fearr leat? Cén fáth?
- An ndéanann spórt maitheas do dhaoine óga, dar leat?
- An bhfaigheann tú cothrom na Féinne i gcónaí nuair a bhíonn tú ag imirt?
- Cad a cheapann tú faoi réiteoirí?
- An bhfuil gaol maith agat le d’athair agus le do mháthair?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad a cheapann tú faoin gcúlú eacnamaíochta?
- An gceapann tú go mbeidh ort dul ar imirce nuair a fhágann tú an scoil?
- An bhfeiceann tú aon réiteach ar fhadhb na dífhostaíochta?
- Cad iad na fadhbanna atá le sárú agat faoi láthair?
Scríobh:
Is iriseoir tú ón nuachtán áitiúil atá ag breathnú ar an gcluiche idir an dá fhoireann. Scríobh cuntas ar an gcluiche don nuachtán áitiúil sin.
Gluais:
Geall – airgead a chuirtear ar iomaíocht a bhíonn ar siúl i gcomórtas nó i gcluiche.
Bleachtaire – duine a thóraíonn coirpigh (detective).