San Eangach-Ceacht 2
Mír idirlín 2
Is beag fáilte a chuirtear roimh Liam sa seomra feistis, áit ina bhfuil an t-atmaisféar go dona.
Ceacht 2
Tuiscint:
- Conas a théann Liam go dtí an club iománaíochta?
- Cad is ainm don chomhlacht éisc?
- Cad atá á dhéanamh ag Uinseann Mac an Rí (athair Rónáin) lasmuigh den chomhlacht éisc?
- Cad atá á lorg aige?
- Cad chuige, dar leat, go bhfuil Liam déanach don chluiche?
- Cé atá ag tabhairt amach na ngeansaithe sa seomra feistis?
- Cá n-imríonn Feargal Breathnach
- Cé hé captaen na foirne?
- Cad a ghlaonn Oisín Ó Conchubhair ar Liam?
- Cad chuige, dar leat, go mbíonn leisce ar Pete (an traenálaí) geansaí a thabhairt do Rónán Mac an Rí?
Cuimhne:
- Cén dath atá ar gheansaithe na foirne?
- Cén dath gruaige atá ar Pete (an traenálaí)?
- Cé atá ag déanamh urraíochta ar gheansaithe na foirne, meas tú?
- An buachaill beag nó buachaill mór é Oisín Ó Conchubhair?
- Cén áit ar an bpáirc a imríonn Rónán Mac an Rí?
- Cén áit ar an bpáirc a imríonn Oisín Ó Conchubhair?.
Caint:
Is tusa Oisín Ó Conchubhair. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar Liam Ó Gríofa.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad iad na fadhbanna atá agat faoi láthair? An bhfeiceann tú go mbeidh réiteach agat ar na fadhbanna sin sa ghearrthreimhse?
- Conas atá cúrsaí sa bhaile?
- Cad chuige go bhfuil spéis mhór agat san iománaíocht?
Scríobh:
Cuir agallamh ar Pete, an traenálaí. Ba mhaith leat a fháil amach uaidh conas atá ag éirí leis mar thraenálaí foirne. Cad chuige go bhfuil brú agus strus air? Cad iad na fadhbanna is mó a bhíonn le sárú aige?
Gluais:
Ceannaí – tincéir atá i gceist sa chás seo.
Tuillte – ag dul do dhuine, dlite dó.