San Eangach-Ceacht 12
Mír idirlín 12
Tá uair na cinniúna sroiste ag Liam bocht.
Ceacht 12
Tuiscint:
- Ainmnigh dhá cheann de na rudaí a thógann an t-oifigeach príosúin as mála spóirt Liam?
- Cad atá scríofa i bhfocail MHÓRA ar an bpóstaer atá ag Liam?
- Cad atá i dteannta an ghrianghraif de Liam agus Daisy?
- Cén cruth atá ar an rud seo?
- Seo cuid d’fógra atá ar an mballa taobh thiar de Liam: ‘Ní mór do chimí cloí le treoir __ ________’.
- Cá gcuirtear na héadaí a bhíonn á gcaitheamh ag Liam?
- Luaigh trí rud atá istigh sa seomra ina gcuirtear Liam?
- An bhfuil a lán éadaí leapa ar an leaba?
- An bhfuil pictiúir ar na ballaí?
- Nuair a luíonn Liam ar an leaba, cén cruth a chuireann sé air féin? Cad chuige go ndéanann sé é seo, dar leat?
- Cén mothúchán a mhúsclaíonn deireadh an scannáin ionat?
- Cad chuige go músclaíonn sé an mothúchán seo ionat, meas tú?
Cuimhne:
- Cad air a sheasann Liam chun a mheáchan a thomhas?
- Cén airde é Liam, meas tú?
- Cén sórt éadaí a tugtar dó le caitheamh?
- Cén dath atá ar dhoras an tseomra ina gcuirtear Liam?
- Cad a dhéanann Liam lena ordóga agus é ina luí ar an leaba?
- Cad é an radharc deireanach de Liam a fheicimid sa ghearrscannán seo?
- Cén aoibh atá ar a aghaidh sa radharc seo?
Caint:
Is rang Ardteistiméireachta sibh. Tá an gearrscannán seo feicthe agaibh. Léirigí bhur dtuairimí i dtaobh na ceisteanna a ardaítear sa scannán i ndíospóireacht ranga.
Scríobh:
Is tusa Liam. Scríobh cuntas gairid ar an tuairim atá agat i dtaobh daoine fásta agus ar an dearcadh atá agat maidir leis an mbealach ina oibríonn an dlí sa tír.
Gluais:
Cime – príosúnach, duine atá i ngéibheann.
Scálaí meáchana – gléas chun meáchan duine a mheá.