San Eangach-Ceacht 11

San Eangach-Ceacht 11
Mír idirlín 11

Feictear an chamastaíl a tharlaíonn idir an bleachtaire agus an tUasal Mac an Rí.

Ceacht 11
Tuiscint:
  • Cá stopann an bleachtaire a charr?
  • Cén sórt tí atá ann?
  • Cén sórt cairr atá páirceáilte lasmuigh den teach?
  • Cé atá istigh sa teach?
  • Cé a thagann anuas an staighre go discréideach?
  • Cé a fhéachann ar an bhfíseán?
  • Cén fhianaise atá ar an bhfíseán (CCTV)?
  • Cé hé an duine is mó a ghortaíonn Oisín, de réir fianaise an fhíseáin?
  • Conas a ghortaíonn sé é?
  • Cé dó a thugann an bleachtaire an físeán?
  • Cén fhreagra a thugann Uinseann Mac an Rí ar an mbleachtaire nuair a deir sé: ‘Seo iad m’fhiacha glanta’?
  • Cad iad na fiacha atá i gceist?
  • Conas ar tharla sé go raibh an bleachtaire i bhfiacha, meas tú?
  • Cad a dhéanann Uinseann Mac an Rí leis an bhfíseán?
  • Cé a fheiceann an bleachtaire agus Uinseann ag féachaint orthu agus ag éisteacht leo?
Cuimhne:
  • Cad atá ag an mbleachtaire ina láimh?
  • Cad atá istigh ann, meas tú?
  • Cén dath atá ar an gclúdach?
  • Cad a chaitheann Rónán Mac an Rí ar a chosa?
  • Cén dath atá ar léine Uinseann Mac an Rí?
  • Cé a thógann an físeán amach as an seinnteoir físeáin?
  • Cén aoibh atá ar aghaidh Rónain?
Caint:

Is tusa Rónán Mac an Rí. Scríobh an comhrá a bheadh agat le Liam Ó Gríofa na blianta ina dhiaidh sin i dtaobh na heachtra seo.

Scríobh:

Is tusa Garda atá ag déanamh fiosrú ar chás Liam Uí Ghríofa na blianta ina dhiaidh sin. Cuireann tú agallamh ar an mbleachtaire, ar Uinseann Mac an Rí agus ar a mhac, Rónán, faoin bhfíseán agus faoi cad a tharla dó. Scríobh alt gairid ar an agallamh sin.

Gluais:

Seinnteoir físeáin – gléas le físeáin a thaispeáint.
Fianaise – cuntas cinnte ar eachtra éigin a tharla.
Fiacha a ghlanadh – suim airgid atá amuigh ar dhuine a íoc ar ais.