San Eangach-Ceacht 10

San Eangach-Ceacht 10
Mír idirlín 10

Tá Liam bocht díolta mar a mbeadh banbh muice ann.

Ceacht 10
Tuiscint:
  • Cé atá i ngreim ar Liam agus é ag fágáil an tí?
  • Cad a impíonn Liam ar a Mham a dhéanamh?
  • Conas atá an dá Gharda gléasta?
  • Cad chuige nár thaifead an CCTV an eachtra, dar leis an mbleachtaire?
  • An gcreideann tú a bhfuil le rá aige?
  • Cén tuairim atá ag Liam i dtaobh modhanna na nGardaí?
  • Cad atá siad ag iarraidh a dhéanamh, dar leis?
  • Cá gcuirtear Liam?
  • Cá dtógtar é?
  • Conas a bhíonn sé gléasta nuair a thagann sé amach as an scuadcharr os comhair Institiúid Naomh Eoghan?
  • Cén dath atá ar a léine, a chulaith, a charbhat?
Cuimhne:
  • Cá bhfuil Emma (máthair Liam) nuair a bhíonn Liam a thógaint amach?
  • Cá mbíonn Daisy?
  • An dóigh leat go dtuigeann Daisy a bhfuil ag tarlú? Cuir fáth amháin le do thuairim.
  • Cad a ghlaonn Liam ar a Mham nuair a bhíonn sé ag imeacht?
  • Cad chuige nach dtagann sí i gcabhair air, dar leat?
  • Cén sórt áite í Institiúid Naomh Eoghan, dar leat?
  • Déan cur síos gairid ar an bhfoirgneamh féin?
Caint:
  • Cén mothúchán a léiríonn Liam, dar leat, agus é ag fágáil an tí?
  • Cén mothúchán a mhúsclaíonn an eachtra seo ionat féin?
  • An gceapann tú go bhfuil éagóir déanta air?
  • Ma cheapann, cé ata freagrach as an éagóir sin?
  • An gceapann tú gur léiriú réadúil, sochreidte atá sa mhír seo?
  • An gcreideann tú go bhfuil an córas atá againne ag freastal ar riachtanais an aosa óig sa lá atá inniu ann?
  • An bhfuil na seirbhísí sláinte agus cúraim easnamhach sa réimse seo, dar leat?
  • An bhféadfaí iad a fheabhsú?
  • Conas a bhféadfaí iad a fheabhsú, dar leat?
Scríobh:

Is tusa duine de na Gardaí a ghabh Liam. Ní mór duit tuairisc oifigiúil a scríobh ar an eachtra a tharla i gclós an chlub iománaíochta agus ar ghabháil Liam ina theach cónaithe. An tuairisc sin a scríobh síos.

Gluais:

Taifead – cuntas físe ar eachtra nó ar fhíricí.