San Eangach-Ceacht 1
Mír idirlín 1
Tá deifir ar Liam an baile a fhágáil agus imeacht le haghaidh cluiche iománaíochta a imirt ach is fusa é sin a rá ná a dhéanamh.
Ceacht 1
Tuiscint:
- Cén sórt ionsaí a rinneadh ar Oisín Ó Conchubhair, dar leis an mbreitheamh?
- Cé mhéad bliain a bheas Liam faoi choinneáil?
- Cá mbeidh sé faoi choinneáil?
- Cad chuige nach bhfuil sé ceadaithe dó achomharc a fháil?
- Cad atá le cloisteáil ar an raidió?
- Cad is teideal den iris spóirt ?
- Cad atá a lorg ag Liam?
- Cá bhfuil máthair Liam ina seasamh?
- Cad a dúirt Liam lena Mham aréir, dar le Daisy?
- Cad chuige, dar leat, nár chuimhin léi go raibh cluiche ag Liam an lá dar gcionn?
Cuimhne:
- Cén dáta a rinneadh an t-ionsaí ar Oisín?
- Ainmnigh beirt de na hiománaithe atá luaite sa tráchtas ar an gcluiche ar an raidió.
- Cén t-imreoir as Cill Chainnigh atá ar chlúdach na hirise spóirt?
- Cén dath atá ar an bhfallaing sheomra atá á chaitheamh ag Eimear (máthair Liam)?
- Cad atá á thógaint aici? Cad chuige, dar leat?
- Cad ba mhaith le Daisy a fháil ó Liam.
Caint:
- Cén mothúchán a léiríonn Liam, dar leat, faid is a bhíonn sé ag éisteacht le breith na cúirte ag tús na mire seo?
- Cá mbuaileann Liam an sliotar?
- Cé aici a bhfuil camán Liam?
- Cén aois é Liam?
- Cén dath atá ar (i) clogad Liam (ii) húdaí Liam?
- Cén sórt mná í máthair Liam, dar leat?
- Cad atá istigh sa chliatbhosca dearg atá in aice an mheaisín níocháin?
- Cad chuige a bhfuil deifir ar Liam?
- Cén modh taistil atá ag Liam?
Scríobh:
Is tusa an breitheamh. Scríobh síos an cuntas a bheadh agat ar an gcás cúirte agus conas a tháinig tú ar an mbreith a thabhairt ar chás Liam agus é a chur isteach in Institiúid Naomh Eoghan.
Gluais:
Ciontaithe – daortha nó freagrach as duine a ionsaí.
Faoi choinneáil – a chur isteach i bpríosún nó in institiúid coinneála ;
Achomharc – iarratas ar athéisteacht i gcúis dlí.
Tromchúis – ábhar tábhachtach.
Cliathbhosca – crate.