CEISTEANNA GINEARÁLTA AR ‘San Eangach’

CEISTEANNA GINEARÁLTA AR ‘San Eangach’
1. Déan cúr síos gairid ar chaighdeán na haisteoireachta sa ghearrscannán seo.
2. Déan tagairt don cheol. An bhfuil an ceol oiriúnach, dar leat? Cén fáth?
3. Cén dearcadh a léirítear i dtaobh aicmeachas sa scannán?
4. Cén léargas a fhaighimid ar an dteaghlach neamhfheidhmiúil sa scannán?
5. Déan cur síos gairid ar na tréithe a léiríonn máthair Liam sa scannán?
6. Déan cur síos ar an gcodarsnacht atá, dar leat, idir máthair Liam agus Liam?
7. Tá fadhb mhór óil ag máthair Liam, dealraíonn sé. Conas a théann an fhadhb sin i bhfeidhm ar an dteaghlach i gcoitinne?
8. Déan cur síos ar dhá cheann de na teicníochtaí scannánaíochta a léirítear sa scannán?
9. Cén léargas a fhaighimid ar fhoréigean ón scannán seo?
10. Déantar bulaíocht ar Liam? Conas?
11. ‘Iomrall ceartais’ (‘miscarriage of justice’) a tharlaíonn do Liam sa scannán seo. Scríobh nóta gairid air sin.