CEISTEANNA GINEARÁLTA AR ‘AB INITIO’
CEISTEANNA GINEARÁLTA AR ‘AB INITIO’
- Déan cúr síos gairid ar chaighdeán na haisteoireachta sa ghearrscannán seo.
- Déan tagairt don cheol. An bhfuil an ceol oiriúnach, dar leat? Cén fáth?
- Cén dearcadh a léirítear i dtaobh múineadh na Gaeilge sa scannán, meas tú?
- Cén léargas a fhaighimid ar chiníochas sa scannán?
- Déan cur síos gairid ar na tréithe a léiríonn máthair Fhionnuala sa scannán?
- Déan cur síos ar an gcodarsnacht atá, dar leat, idir máthair agus athair Fhionnuala?
- Luaitear linn gur chaith Fionnuala tréimhse i nGuatemala. An bhfuil tábhacht ag baint le sin, dar leat?
- Déan cur síos ar dhá cheann de na teicníochtaí scannánaíochta a léirítear sa scannán?
- Ar thaitin teideal an scannáin (‘Ab Initio’) leat? Cén fáth?
- Ar thaitin an scannán leat? An gceapann tú gur scannán greannmhar é?
- Ar deineadh plota an scannáin a fhorbairt go maith, dar leat?
- Breac síos (i) dhá bhua agus (ii) dhá laige atá le sonrú sa scannán seo, dar leat.