AB INITIO – Ceacht 9
Mír idirlín 9
Faigheann Fionnuala amach gur beag difríocht atá idir í féin agus a Mam i ndáiríre. Slis den seanmhaide í!
Ceacht 9
Tuiscint:
- Cé a thagann isteach i Stáisiún na nGardaí?
- Cad atá á dhéanamh ag Garda amháin?
- Cad chuige a bhfuil fearg uirthi, meas tú?
- Cad chuige ar aithin duine de na Gardaí í?
- Cad a rinne sí as an tslí?
- Cad chuige nár íoc sí a ceadúnas teilifíse?
- Conas a athraíonn sé seo an tuairim atá ag Fionnuala i dtaobh a Mam, dar leat?
- Agus iad lasmuigh de Stáisiún na nGardaí, cén gar a iarrann Mam ar a hiníon?
- Cad atá sa litir a fhaigheann Fionnuala??
- Cén mothúchán a léiríonn Daid? Cén fath?
Cuimhne:
- Cá bhfuil an scuadcharr?
- Conas atá mathair Fhionnuala gléasta?
- Cén t-athrú a thagann ar Fhionnuala nuair a deir na Gardaí go n-aithníonn siad a Mam?
- Cad a chaitheann Mam timpeall a muiníl?
- Conas atá Daid gléasta?
- Cén focal a litríonn Fionnualago mícheart, dar le duine de na mic léinn sa rang?
- Cén sórt ceoil a chloisimid ag deireadh an ghearrscannáin?
Caint:
Is tusa máthair Fhionnuala. Tá tú ag déanamh gearáin le Ceannfort na nGardaí i dtaobh gur gabhadh d’iníon go neamhdhleatach nuair a bhí a bhí ag tógaint seasamh in aghaidh an chiníochais. Ba mhaith leat go n-iarrfaí ar an mbeirt Gardaí leithscéal a ghabháil léi ina thaobh.
Scríobh síos an comhrá a bheadh idir tú féin agus an Ceannfort faoin ábhar seo.
Scríobh:
Is tusa duine de na Gardaí a ghabh Fionnuala. Ní mór duit tuairisc oifigiúil a scríobh ar an eachtra a tharla os comhair an choláiste. Scríobh an tuairisc sin.
Gluais:
Pioc Sásúil – gan a bheith sásúil.
Ag déanamh ionsaí – ag déanamh fogha ar dhuine;
Ionsaí ciníoch – tabhairt faoi dhuine bunaithe ar an gcine lena mbaineann sé/sí.