AB INITIO – Ceacht 8

AB INITIO – Ceacht 8

Mír idirlín 8

Ní haon dóithín í Fionnuala! Déanann sí beart de réir a briathair.

Ceacht 8
Tuiscint:
  • Cá bhfuil na mic léinn ag tús na míre seo?
  • Cad a deir Lucy nuair a bhuaileann an fear ina coinne?
  • Cén fhreagra a thugann an fear uirthi?
  • An dtuigeann an bheirt fhear cad atá a rá aici, meas tú?
  • An gceapann tú gur ‘ionsaí ciníoch’ é seo? Cuir fáth amháin le do thuairim.
  • Cá gcaitheann Fionnuala a cóta?
  • Cén aoibh atá uirthi?
  • Cad chuige go ngabhann na Gardaí Fionnuala, meas tú?
  • An raibh tú riamh i láthair nuair a rinneadh ionsaí ciníoch ar dhuine nó nuair a rinneadh tagairt ciníoch do dhuine?
  • I do thuairim, cén fáth a ndéanann daoine ionsaí ciníoch?
  • An bhfuil fadhb ciníochais i do scoil?
  • Céard is féidir a dhéanamh faoi fhadhb an chiníochais ar scoil?
Cuimhne:
  • Conas atá an bheirt fhear gléasta?
  • Cén teanga a labhraíonn Lucy, dar leo?
  • An fir óga nó seanfhir iad?
  • Cad a dhéanann an bheirt acu nuair a thagann na Gardaí?
  • Cén aoibh atá ar aghaidh Fhionnuala agus í suite idir an dá Gharda sa scuadcharr?
  • Cad atá á gcaitheamh ag Garda amháin?
Caint:

Is finné tusa. Chuala tú na tagairtí ciníoch a rinne an bheirt fhear. Tabhair fianaise os comhair na cúirte ar na rudaí a chuala tú agus a chonaic tú agus ar cé a bhí ciontach san eachtra.

Scríobh:

Scríobh cuntas gearr ar fhadhb an chiníochais in Éirinn an lae inniu. Déan tagairt faoi leith don eachtra chiníoch a tharla sa ghearrscannán ‘Ab Initio’.

Gluais:

Leithscéal – pardún m.s ‘gabhaim pardún leat, a dhuine uasail, as a bheith ag cur isteach ort.’