AB INITIO – Ceacht 7
Mír idirlín 7
Tá rún daingean déanta ag Fionnuala go n-éireoidh léi mar mhúinteoir ar ais nó ar éigean.
Ceacht 7
Tuiscint:
- Cén sórt ceoil atá le clos agus Fionnuala ag rothaíocht i dtreo an choláiste?
- Cad chuige go bhfuil an ceol seo le clos, dar leat?
- An gceapann tú go bhfuil athrú tagtha ar Fhionnuala? Cén t-athrú, meas tú?
- Cé atá ina seasamh ag an gclár dubh nuair a théann Fionnuala isteach sa rang?
- Cad atá á dhéanamh ag an duine seo?
- Cad chuige go bhfuil sé á dhéanamh aici?
- Cad a dhéanann Fionnuala chun an rang a athghabháil?
- Cad a theastaíonn ó Alonso a fhoghlaim?
- An bhfuil Alonso singil nó pósta? Cé mhéad deartháir atá aige?
- Cén ceist a chuireann Jonah?
- Cad chuige a bhfuil Gaeilge á fhoghlaim ag Lucy?
- Cad chuige go bhfuil Gaeilge á fhoghlaim ag Pauline?
Cuimhne:
- An rothaíonn Fionnuala mall nó tapa i dtreo an choláiste?
- An bhfuil dea-aoibh nó drochaoibh uirthi, meas tú?
- Conas atá Margaret gléasta?
- Cad a dhéanann Fionnuala leis an CD?
- Céard í an fhadhb atá ag Pauline?
- Cén dath atá (i) ar chóta Toni agus (ii) ar bhríste Toni?.
Caint:
Is tusa Pauline. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar Lucy.
- Cad chuige go bhfuil tusa ag foghlaim Gaeilge?
- Céard a cheapann tú faoin múinteoir nua seo?
- Cén tír as a dtáinig tú?
- Cad chuige go bhfuil an Ghaeilge á dhéanamh agat?
- An teanga éasca nó teanga deacair í an Ghaeilge, dar leat?
- An bhfuil aon teanga eile ar eolas agat seachas do theanga dhúchais féin?
- I do thuairim, cé acu teanga is deacra Gaeilge nó Béarla? Cén fáth?
- An gceapann tú go bhfuil taithí múinteoireachta ag Fionnuala?
- Cad a cheapann tú faoi na modhanna múinte atá a gcleachtadh aici?
- An gceapann tú go bhfuil feabhas tagtha uirthi?
Scríobh:
Scríobh cuntas gearr don pháipéar áitiúil faoin gclann agus faoi thábhacht na clainne i saol an duine.
Gluais:
An lá cheana – an lá faoi dheireadh.
Faoi bhrú – faoi strus.
Socrú síos – a bheith ar (do) shuaimhneas.
Colscaradh – nuair a scarann beirt atá pósta ar a chéile óna chéile.