AB INITIO – Ceacht 6
Mír idirlín 6
Caithfidh Fionnuala an rang a athghabháil thar n-ais ó Margaret nó beidh an cath caillte aici.
Ceacht 6
Tuiscint:
- Críochnaigh an seanfhocal ‘Beatha teanga . . . . . . .’
- Cá bhfuil Fionnuala ina seasamh sa seomra ranga?
- Cad atá molta ag an gcainteoir ar an CD don fhoghlaimeoir má’s rud é go mbíonn deacrachtaí aige/aici?
- Cad chuige nár tháinig an chuid eile den rang, dar le hAlonso?
- Cén ceist a chuireann sé ar Fhionnuala sula bhfágann sé an seomra?
- Cén cruth atá ar sheomra codlata Fhionnuala?
- An bhfuil máthair Fhionnuala sásta le cruth an tseomra? Cá bhfios duit?
- An dtéann cuid cainte a Mam i bhfeidhm ar Fhionnuala, meas tú?
Cuimhne:
- Cé mhéad mac léinn atá sa rang ag Fionnuala?
- Cad atá ar an bhfuinneog??
- Céard atá scríofa ar an gclár dubh?
- Cad atá scríofa ar an doras ón dtaobh istigh?
- Cad leis a bhfuil seomra codlata Fhionnuala cosúil, dar lena Mam?
- Cén grád a fuair Fionnuala ar a haiste Ghaeilge?
Caint:
Is tusa máthair Fhionnuala. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar athair Fhionnuala.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Conas a chaith tú an samhradh seo caite?
- Cá bhfuair tú an t-airgead chun tréimhse a chaitheamh i dtír iasachta?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- An gcuireann tú spéis sa spórt? Cé hé/hí an duine i gcúrsaí spóirt in Éirinn is fearr leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad a cheapann tú faoin gcúlú eacnamaíochta?
- An gceapann tú go mbeidh ort dul ar imirce nuair a bheidh tú cáilithe?
- An bhfeiceann tú aon réiteach ar fhadhb na dífhostaíochta?
- Cad iad na fadhbanna atá le sárú agat sa phost atá agat faoi láthair?
Scríobh:
Is tusa Alonso. Is tú an t-aon mhac léinn a d’fhreastal ar rang Fhionnuala. Scríobh comhrá gairid a bheadh agat le do chara faoi seo.
Gluais:
Beatha – saol an duine.
Cró muice – an teach ina mbíonn na muca ina gcónaí.
Salach – brocach.
Athscrúduithe – ag tabhairt faoi scrúduithe a dhéanamh arís