AB INITIO – Ceacht 5

AB INITIO – Ceacht 5

Mír idirlín 5

Tá Fionnuala ag treabhadh ar aghaidh leis an múinteoireacht ach níl sé éasca.

Ceacht 5
Tuiscint:
  • Conas a théann Fionnuala óna baile féin go dtí an seomra ranga?
  • Conas a mhothaíonn sí, dar leat, nuair a théann sí isteach sa rang?
  • Cad a deir Margaret léi?
  • An dtuigeann sí cad chuige go n-athraítear ‘Dia duit’ go ‘Dia dhuit’ sa chaint, meas tú?
  • An dtuigeann sí an difríocht idir ‘Tá’ agus ‘Is’, dar leat? Cuir fáth amháin le do thuairim.
  • Conas ar éirigh léi ina haiste Ghaeilge?
  • Labhraíonn Toní léi faoi chomórtas a bheas ar siúl anocht. Cén sórt comórtais a bheas ar siúl?
  • Cén leithscéal a ghabhann Fionnuala le Toni faoi gan a bheith ann?
Cuimhne:
  • Deir Fionnuala leis an rang a leabhair oibre a oscailt. Cén leathanach?
  • Cén seanfhocal atá le clos ar an CD?
  • Cén ceacht atá ar an CD nuair a chuireann sí ar siúl é?
  • Cérbh iad an dá rud a bheidh faoi chaibidil sa chomórtas a bheas ar siúl anocht?
  • Cén áit ar mhaith le Toni deochanna a ól anocht?
Caint:

Is duine as tír iasachta tú atá ag freastal ar rang Gaeilge Fhionnuala. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar dhuine as Éirinn atá in aonrang leat.

  • Céard a cheapann tú Fhionnuala mar mhúinteoir
  • Cad ba chóir di a dhéanamh chun dul i bhfeidhm níos fearr ar an rang?
  • Cad chuige, dar leat, go mbíonn Margaret chomh dian sin uirthi?
  • An dóigh leat go bhfuil suim ag na mic léinn atá sa rang sa Ghaeilge?
  • Dá mbeifeása in áit Fhionnuala céard a dhéanfá?
  • An raibh tu riamh i gcás Fhionnuala nó an raibh tú ag déanamh na botúin chéanna is atá á ndéanamh ag Fionnuala? Má bhí, conas ar éirigh leat an fhadhb a réiteach?
  • I do thuairim, cén fáth nach bhfuil ag éirí níos fearr le Fionnuala?
  • An gceapann tú go mba chóir di post eile a fháil?
  • Ar cheart do na húdaráis sa choláiste cuidiú léi chun a cuid fadhbanna a réiteach?
Scríobh:

Scríobh cuntas gearr do Raidió na Gaeltachta faoi fhoghlaim na Gaeilge agus faoi na fadhbanna bhíonn le sárú ag daoine iasachta atá ag foghlaim na teanga. Coinnigh an cuntas gearr agus ná bíodh sé ró-chasta agat.

Gluais:

Déanach – deireanach, mall.