AB INITIO – Ceacht 4
Mír idirlín 4
Tuigeann Fionnuala go mbíonn fadhbanna le sárú ag chuile dhuine sa saol seo.
Ceacht 4
Tuiscint:
- Cá bhfuil Fionnuala agus a cara ag tús na mire seo?
- Cá bhfuil Fionnuala ina suí?
- Cén ceist a chuireann a cara, Toni, uirthi?
- Cad atá á ghoid ag Toni?
- Conas atá Daid Fhionnuala gléasta?
- Cén obair atá ar siúl aige?
- Cad a lorgaíonn Fionnuala uaidh?
- Cén fhocal nach bhfuil ceadaithe a úsáid sa teach, dar le Daid?
- Cad chuige nach bhfuil Daid sásta an fhoirm a shíniú, dar leat?
- Cén aoibh atá ar Mham nuair a thagann sí isteach sa chistin?
Cuimhne:
- Cén déanamh atá ar an scáthán sa seomra folctha?
- Cá gcuireann Toni an páipéar leithris?
- An bhfuil fonn ar Fhionnuala dul ar ais ag múineadh? Cad chuige, dar leat?
- Cad chuige go dtagann Iarla isteach sa chistin?
- Cad nach ndéanann Iarla, dar lena Mham?
- Cad chuige go bhfuil sí feargach leis?
Caint:
Is tusa Toni, cara Fhionnuala. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar Iarla.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad iad na fadhbanna atá agat faoi láthair? An bhfeiceann tú go mbeidh réiteach agat ar na fadhbanna sin sa ghearrthreimhse?
- An bhfuil deartháir agus deirfiúr agat? Conas a réitíonn tú leo?
- An réitíonn tú go maith le do Dhaid? Cén fáth?
- An réitíonn tú go maith le do Mham? Cén fáth?
Scríobh:
Scríobh cuntas gearr don pháipéar áitiúil ag tabhairt eolais faoi Fhionnuala agus na fadhbanna atá le sárú aici. An bhfuil aon chara aici a chuidíonn léi? Cad faoina tuismitheoirí, an bhfaigheann sí aon chabhair uathasan?
Gluais:
Ráthóir – duine a théann i mbannaí ar dhuine.
Sách dona – dona go leor.
Cuisneoir – áit fhuar ina gcuirtear bia lena choinneáil friseáilte.