AB INITIO – Ceacht 3

AB INITIO – Ceacht 3

Mír idirlín 3

Baintear preab mór as Fionnuala nuair a sheasann sí os comhair ranga don chéad uair ina saol.

Ceacht 3
Tuiscint:
  • Cé atá istigh sa seomra ranga nuair a théann Fionnuala isteach ann ar dtús?
  • Cad a dhéanann Fionnuala leis na leabhair oibre?
  • Cén sórt bean í Margaret (an bhean a chuireann ceisteanna ar Fhionnuala)?
  • Conas atá Margaret gléasta?
  • Cad a scríobhann Fionnuala ar an gclár dubh?
  • Conas atá Margaret difriúil ó na foghlaimeoirí eile?
  • Cén locht is mó a fhaigheann sí ar Fhionnuala?
  • An gceapann tusa go bhfuil (i) Fionnuala cáilithe go leor (ii) ró-óg chun daoine fásta a mhúineadh?
  • Ainmnigh cúigear de na foghlaimeoirí atá sa rang.
Cuimhne:
  • Cén seanfhocal atá scríofa ar bhalla an tseomra ranga?
  • Cén dath atá ar ghruaig Margaret?
  • Cén dath atá ar a geansaí?
  • Cé acu is fearr le Margaret rialacha gramadaí nó labhairt na teanga?
  • Cén post atá ag Margaret?
Caint:

Is tusa Margaret, an bhean leis na spéaclaí agus an geansaí gorm. Cuir na ceisteanna seo a leanas ar an duine atá suite in aice leat sa rang.

  • Cad chuige go bhfuil tusa ag foghlaim Gaeilge?
  • Céard a cheapann tú faoin múinteoir nua seo?
  • Cén tír as a dtáinig tú
  • Cad chuige go bhfuil an Ghaeilge á dhéanamh agat?
  • An teanga éasca nó teanga deacair í an Ghaeilge, dar leat?
  • An bhfuil aon teanga eile ar eolas agat seachas do theanga dhúchais féin?
  • I do thuairim, cé acu teanga is deacra Gaeilge nó Béarla? Cén fáth?
  • An gceapann tú go bhfuil taithí múinteoireachta ag Fionnuala?
  • Cad a cheapann tú faoi na modhanna múinte atá a gcleachtadh aici?
Scríobh:

Is múinteoir óg tú. Seo é do chéad uair mar mhúinteoir ag seasamh os comhair rang daoine fásta. Scríobh cuntas gairid i do dhialann faoi conas a bhraitheann tú.

Gluais:

Cáilithe – oilte chun ceird a chleachtadh.
Teangeolaí – daoine a bhfuil scileanna faoi leith aige/aici i dteangacha
Bunrudaí – na rudaí bunusacha i dteanga.