AB INITIO – Ceacht 2
Mír idirlín 2
Is beag post atá ar fáil ag Fionnuala ach éiríonn léi post nach dteastaíonn uaithi a fháil!
Ceacht 2
Tuiscint:
- Cá dtéann Fionnuala nuair a fhágann sí oifig an bhainisteora bhainc?
- Conas gur féidir léi ‘top-up’ a fháil?
- Cad a chaithfidh mic léinn a dhéanamh chun cur isteach ar phost?
- Tá post amháin ag Aontas na Mac Léinn le tamall fada. Cad chuige nár chuir éinne isteach ar an bpost sin go dtí seo, dar le cailín na hoifige?
- Cén sórt poist atá ann?
- Cad a cheapann a cara faoin bpost seo?
- Cá dtéann Fionnuala nuair a fhágann sí oifig Aontas na Mac Léinn?
- Cé a thugann treoracha di nuair a théann sí isteach sa bhfoirgneamh ina bhfuil Aonad na Gaeilge
- Cá bhfuil an seomra ranga?
- Cad a thugann an fear di?
Cuimhne:
- Cad atá scríofa ar dhoras oifige Aontas na Mac Léinn?
- Cén dath atá ar an scairf a chaitheann an cailín in oifig Aontas na Mac Léinn?
- Cad a bhíonn ar siúl ag cara Fhionnuala (Toni) faid a bhíonn sí ag labhairt leis an gcailín seo?
- Cad atá scríofa ar T-léine an fhir in Ionad na Gaeilge?
- An gcuireann sé fáilte mhór roimh Fhionnuala?
- Cad a thugann sé di sula dtéann sí suas an staighre?.
Caint:
Is tusa an cailín atá ag obair in oifig Aontas na Mac Léinn. Freagair na ceisteanna seo leis an duine atá in aice leat. Ansin cuir na ceisteanna ar an bhfear atá ag obair in Ionad na
Gaeilge.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
- Cad iad na fadhbanna atá agat faoi láthair? An bhfeiceann tú go mbeidh réiteach agat ar na fadhbanna sin sa ghearrthreimhse?
- Cad iad na fadhbanna atá le sárú agat sa phost atá agat faoi láthair?
Scríobh:
Cuir agallamh ar Toni, cara Fhionnuala. Ba mhaith leat a fháil amach uaithi cén sórt cailín í Fionnuala. Caithfidh tú í a cheistiú faoin athrú atá tagtha uirthi ó tháinig sí abhaile ó Guatemala agus an sórt duine a bhí inti sula ndeachaigh sí go Guatemala.
Gluais:
Aontas na Mac Léinn – ceardchumann a bhíonn ag mic léinn chun a gcearta a chosaint.
Ionad na Gaeilge – áit ina ndéantar an Ghaeilge a mhúineadh.
Íoc ar ais – aisíoc.