AB INITIO – Ceacht 1

AB INITIO – Ceacht 1

Mír idirlín 1

Tá Fionnuala tagtha abhaile tar éis di an samhradh a bheith caite aici i nGuatemala. Tuigtear di gur beag fáilte atá roimpi sa bhaile.

Ceacht 1
Tuiscint:
  • Cén t-ainm atá ar dheartháir Fhionnuala?
  • An bhfuil a deirfiúr níos óige nó níos sine ná í?
  • An bean chneasta nó bean bhorbh í a Mam?
  • Conas a théann sí chuig an gColáiste?
  • Cén tuairim atá ag tiománaí amháin ina taobh?
  • An bhfuil Fionnuala sona nó míshona ar a bealach go dtí an coláiste, meas tú?
  • Cad chuige go ndeir a cara léi ‘tá tú i do rebel faoi dheireadh’?
  • Cad atá scríofa i gcló dearg ar an litir ata faighte aici ón mbanc?
  • Cad a dhéanfaidh an bainisteoir bainc muna ndéanann sí íocaíocht ar an iasacht airgid atá aici?
Cuimhne:
  • Cén dath atá ar chóta Fhionnuala?
  • Céard a chaitheann sí ar a ceann agus í ag rothaíocht?
  • Cén dath atá ar an gcarr a bhuaileann í nach mór?
  • Cad a chaitheann a cara (Toni) timpeall a muiníl?
  • Cén dath atá ar chuid gruaige Toni?
  • Ainmnigh an áit ina raibh Fionnuala ar saoire.
Caint:
  • Cén mothúchán a léiríonn a deartháir (Iarla) i leith a dheirféar sa seomra folctha?
  • Cén ceist a chuireann a Mam ar Fhionnuala maidir leis an litir?
  • Cad chuige nach raibh Fionnuala sásta í a thaispeáint di, dar leat?
  • Cé atá níos óige, Fionnuala nó Iarla?
  • Cad chuige, dar leat, gur beag nach raibh timpiste ag Fionnuala agus í ag rothaíocht amach ar an mbóthar mór?
  • Cén sórt cailín í a cara, Toni, dar leat?
  • I do thuairim, an raibh an bainisteoir bainc ró-dhian ar Fhionnuala?
  • Cén rabhadh a thugann sé di ?
  • Conas a mhothaíonn sí agus í ag fágáil oifige an bhainisteora bhainc, dar leat?
Scríobh:

Is tusa an bainisteoir bainc. Scríobh suas an comhad ar an gcustaiméir Fionnuala. Luaigh na pointí seo a leanas: an sórt duine í; na freagraí a thugann sí; na bréaga (dar leat) a insíonn sí; an meon atá aici; an gaol atá agat léi.

Gluais:

Clogad – caipín cosanta le haghaidh rothaíochta. Faraor – trua ; Thar Téarma – thar am – íocaíocht atá mall ag teacht isteach.