Tuiscint:
- Cén fáth a bhfuil líne fíosrúcháin nua á leanúint acu anois?
- An bhfuil a fhíos ag na cailíní céard a chuir isteach ar Chiara? An insíonn siad an fhírinne?
- Céard a cheapann Éadaoin a tharla do Chiara?
- Cén fhadhb atá ag an mbuachaill sa gheansaí liath?
- Cén leasainm a thugann Anto ar Lorcán?
- Cén fáth a mbíonn eagla ar Rachel?
- Cén jab atá ag Yvonne, dar léi, ar an bhfón, agus cé leis a bhfuil sí ag caint?
- Cén scéal atá ag deirfiúr Chiara, Mairéad, do Yvonne? Conas a mhothaíonn sí?
Cuimhne:
- Cén greamán atá ar gheansaí Anto?
- Cén dath atá ar an charr taobh thiar de Emer nuair atá Oisín ag tabhairt amach?
- Céard atá scríofa ar gheansaí Oisín agus cén fáth a bhfuil sé crosta?
- Céard atá scríofa ar T-léine Lorcán?
- Cén dath a bhí ar an bhéaldath a bhí in úsáid leis an teachtaireacht a scríobh ar an scáthán?
- Cad atá Yvonne ag déanamh nuair a thagann Rachel amach as an teach?
Caint:
Is tusa Yvonne. Freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat, ansin cuir na ceisteanna ar David. (Bhí David ina shagart ach níl níos mó.)
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- An bhfuil tú sásta leis an bpost atá agat? Mura mbeadh an post seo agat céard ba mhaith leat a dhéanamh?
Scríobh:
Cuir agallamh ar Yvonne. Tá tú ag iarraidh go leor eolais faoi Chiara. Ná déan dearmad í a cheistiú maidir le cén chaoi a raibh Ciara ag mothú agus faoina hiompar.