Tuiscint
- Conas atá Rachel agus í ag féachaint ar phictiúir a hathar?
- Conas a mhothaíonn Éadaoin agus í ag fágáil na mbláthanna?
- Cén fáth a bhfuil Mairéad crósta le hÉadaoin?
- Cén fáth a gceapann Ciara go bhfuil sí cosúil lena máthair? Ní aontaíonn Mairéad léi, cén fáth?
- Cé atá ag iarraidh labhairt le tuismitheoirí tar éis na ceolchoirme ar an Mháirt?
- Cén fáth nach féidir le Mairéad dul chuig an cheolchoirm? An bhfuil Ciara sásta léi?
- Cad atá ar eolas ag an Gharda anois nach raibh aige cheana?
- Baineadh geit as Rachel agus í sa seomra, cén fáth?
Cuimhne:
- Céard atá ar an fhráma ina bhfuil pictiúir d’athair Rachel?
- Cén sórt bláthanna a fhágann Éadaoin ar an talamh?
- Cén rud ba mhaith le máthair Chiara agus Mhairéad, dar le Mairéad?
- Cén lá atá an cheolchoirm ar siúl?
- Cén dath atá ar fhón Anto?
Caint:
Is tusa Éadaoin. Freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat, ansin cuir na ceisteanna ar Chiara.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chónaí? An maith leat é?
- Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí?
- Inis dom faoi dheacrachtaí atá agat i do shaol.
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Cén ceol is maith leat? Cén ceol nach maith leat?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Cad ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo mar phost?
Scríobh:
Déan cuntas ar an scéal le cur ar an raidió, smaoinigh cén stáisiún ar a mbeidh sé agus ná déan róchasta é.