Tuiscint:
- Cén t-ainm atá ar an bhfear a thóg Rachel Seoige?
- An bhfuil Mairéad sásta le hobair na nGardaí, cad a deir sí mar fhianaise air seo?
- Cén fhianaise nua a thugann Mairéad don Gharda faoi Lorcán?
- Cad a thugann Lorcán ar Chiara nuair a fheiceann sé í sa chaife?
- Céard a bhagraíonn Bernie ar Lorcán nuair nach n-imíonn sé?
- Conas a mhothaíonn Lorcan agus cén fáth?
- Céard é an “cleas” dar le Mairéad a d’imir Lorcán ar Chiara?
- Conas a mhothaíonn Rachel sula dtagann Yvonne isteach sa seomra agus cén réiteach atá ag Saoirse do Rachel?
- Céard é an drochscéala atá ag Yvonne do na cailíní?
Cuimhne
- Cé mhéad duine atá ag an mbord taobh thiar de Chiara nuair atá sí sa chaife?
- Cad tá i lámh Emer agus í ag caint le Mairéad?
- Nuair atá Mairéad ag caint le hEmer cad atá taobh le cos Emer?
- Ainmnigh cúig rud is féidir a cheannach sa siopa mar atá fógraithe ar an bhfuinneog?
- Cad a cheannaigh Mairéad sa siopa?
Caint
- Is tusa Lorcán. Freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat, ansin cuir na ceisteanna céanna ar Anto.
- Cad is ainm duit?
- Cá bhfuil tú i do chonaí, an maith leat é?
- Inis dom faoi do spéiseanna.
- Céard is maith leat faoin gceol, céard nach maith leat faoi?
- Inis dom cá bhfeiceann tú tú féin i gceann cúig bliana.
- Mura n-éiríonn leat sa saol ceoil céard ba mhaith leat a dhéanamh?
Scríobh:
Is iriseoir tú le hiris cheoil agus tá tú ag déanamh ailt ar Lorcán – a cheol, ceolchoirmeacha agus a shaol pearsanta.
Gluais
Fianaise – Cuntas ó fhinné.
Bagairt: Fógairt do dhuine faoi rud atá tú chun a dhéanamh nach mbeidh siad sásta faoi.